| Áit | Ar fud oileán na hÉireann agus i bpobail Éireannacha ar fud an domhain |
|---|---|
| Catagóirí | Na taibhealaíona
Cleachtais shóisialta, deasghnátha agus imeachtaí féiltiúla |
| Eochairfhocail | drámaíocht, aisteoireacht, amharclannaíocht, dráma, léiriú, pobal |
| Eagraíocht Teagmhála | An Dr Fiona Brennan, Staraí, Taighdeoir agus Cartlannaí Drámaíochta |
Achoimre Ghearr
Dráma a léiriú agus a chur ar stáitse laistigh de phobal/ag pobal a bhíonn i gceist le dráma amaitéarach. Eascraíonn ‘Amateur’ ón Laidin ‘amare’, ‘grá a bheith agat do’ agus, mar sin, is traidisiún cruthaitheach deonach neamhbhrabúsach/neamhthráchtála í an ghníomhaíocht, atá ag croílár shaol cultúrtha agus sóisialta na hÉireann leis na glúnta.
Gníomhaíocht idirghlúine, trasphobail atá inti agus feidhmíonn sí ag gach leibhéal taithí. Cuireann rannpháirtíocht níos leithne an phobail lena gníomhaíochtaí agus lena cuspóirí. Le chéile, d’fhoghlaim pobail conas cleachtais dhrámatúla a oiriúnú/a athrú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shocheacnamaíocha, chultúrtha agus chomhshaoil; m.sh., suíomh tuaithe, daonra beag, easpa maoinithe/ionaid oiriúnacha.

The Killorglin Drama Group in the play Hunger Strike who took to the boards of The Simasa Tíre on Friday night last. Back L-R:Darkey Connor (Eamon Crowley) Maney Foley (Claire Conway) Davy Lucey (Gene Ahern) Willie O’Sullivan (Colin Mangan) Pasha (Colm Conway) Front seated L-R: Nano Grady (Susan McCarthy) Julia O’Sullivan (Madeline Foley Firth) and Mrs Moriarty (Mary Gallagher) The play was written by Killorglin born Máirín Cregan in 1927 and is set in a turbulent time in Ireland history the post civil war period of Autumn 1923. Photo by Michael G Kenny
Cúlra:
Gan neamhaird a dhéanamh d’éagsúlacht na drámaíochta amaitéaraí in ionaid uirbeacha níos mó, go stairiúil, bhí an cleachtas níos láidre i gceantar tuaithe na hÉireann, de bharr easpa rochtana ar dhrámaíocht tráchtála, go páirteach. Cuireann na céadta grúpa léiriúchán amháin ar a laghad ar siúl gach bliain, do lucht féachana a mheastar a bheith thart ar suas le leathmhilliún duine.
Bhí traidisiún na drámaíochta amaitéaraí i gcroílár bhunú Amharclann na Mainistreach in 1904, amharclann náisiúnta na hÉireann. D’oibrigh grúpaí amaitéaracha agus eagraíochtaí cultúrtha, ar nós Chonradh na Gaeilge, chun modh uathúil Gaelach drámaíochta a fhorbairt. I ndiaidh an Chogaidh Chathartha, thacaigh léiriú drámaíochta amaitéaraí le hatógáil na bpobail scoilte. Ba mhodh é chun athbheochan sóisialta a spreagadh agus thug sé freagra cuí ar choimeádachas rialtais agus ceannas na hEaglaise Caitlicí. Sna 1930í/40idí, chuir an Eaglais cosc ar fhreastal ar an bpictiúrlann agus ar dhamhsaí le linn an Charghais roimh an gCáisc. Mar sin, chuaigh daoine i muinín na drámaíochta amaitéaraí. Ag an am seo de mharbhántacht eacnamaíoch, tháinig go leor pobal le chéile chun hallaí áitiúla a thógáil/athchóiriú chun drámaí a chur ar stáitse. D’athraigh an diongbháilteacht agus na gníomhaíochtaí bríomhara seo bonneagar geografach drámaíochta na hÉireann go deo.
Ina dhiaidh sin, cruthaíodh féilte iomaíocha dá bharr. I measc na gcomórtas bhí go leor catagóirí, drámaí Gaeilge ina measc. Chothaigh Catagóir na Lámhscríbhinní Nua traidisiún saibhir Éireannach léirithe agus drámadóireachta. Gan rochtain ar thraidisiún drámaíochta amaitéaraí, ní bheadh go leor de mhórdhrámadóirí na hÉireann, lena n-áirítear John B. Keane, Tom Murphy agus Brian Friel in ann slite beatha a fhorbairt nó a chothú in Éirinn. Sa lá atá inniu ann, aithníonn drámadóirí mór le rá an luach a bhaineann le léirithe amaitéaracha dá gcuid oibre. Cuireann an chamchuairt amaitéarach spás ar fáil do scríbhneoirí nua fós sa lá atá inniu ann.
Sna 1950idí, d’aithin rialtas na hÉireann an ghluaiseacht drámaíochta amaitéaraí mar rud a chuir feabhas ar dheiseanna turasóireachta cultúrtha, chun cuairteoirí ón mBreatain agus ó SAM a mhealladh ar ais. Ba iad na torthaí a bhí air sin ná bunú Chomhairle Drámaíochta Amaitéaraí na hÉireann in 1952 agus bunú na chéad Fhéile Uile-Éireann a reáchtáladh i mBaile Átha Luain in 1953.
Cleachtadh agus Cleachtóirí:
Is iad na grúpaí amaitéaracha ar fud 32 contae na príomhchleachtóirí. Tógtha ar obair dheonach amháin, is cleachtas ríthábhachtach é do shaolta sóisialta agus cultúrtha agus folláine daoine aonair agus pobal. Ó thaobh an chleachtais de, tá cleachtas amaitéarach ceangailte go bunúsach leis an bpobal agus déantar éagsúlú de réir an chomhshaoil áitiúil. Bíonn rannpháirtíocht agus tacaíocht ghinearálta an phobail i gcónaí ann mar aon leo siúd a bhfuil baint dhíreach acu le léiriúcháin.
Tá saineolas fíorluachmhar ag na baill sin a bhfuil taithí acu le fada an lá, rud a chinntíonn go leanfar leis na traidisiúin.
Leanann tromlach na gcéadta grúpa drámaíochta ar fud na hÉireann leis an traidisiún ar son a bpobail amháin, ar mhaithe le folláine agus rannpháirtíocht shóisialta, agus tá sé anois mar chuid d’fhéilire sóisialta an phobail.
Aithnítear éagsúlacht chleachtais maidir le cinntí na ngrúpaí chun a scileanna ealaíne a fheabhsú go leibhéal inar féidir leo páirt a ghlacadh i bhféilte.
Déanann an dá chomhlacht ionadaíocha náisiúnta, Comhairle Drámaíochta Amaitéaraí na hÉireann agus Sraith-Chomórtas Drámaíochta na hÉireann, faoi seach, maoirseacht ar chomórtais drámaí iomlána agus aonghnímh.
Leanann an Chomhairle ar aghaidh ag maoirsiú níos mó ná 30 féile réigiúnach lánfhada ar fud na gceithre chúige. Bíonn na comórtais bunaithe sa tsraith agus feidhmíonn siad ag leibhéil ‘Teoranta’ agus ‘Oscailte’, chun leibhéal taithí grúpaí a éascú. https://adci.ie/
Glacann grúpaí páirt i bhféilte réigiúnacha le linn mhí Feabhra agus mhí an Mhárta d’fhonn cáiliú don Fhéile Uile-Éireann. Reáchtáiltear Féile Drámaíochta Oscailte Uile-Éireann RTÉ i mBaile Átha Luain gach bliain agus oibríonn a Coiste Feidhmiúcháin i gcomhar leis an gComhairle.
Bíonn an Fhéile Drámaíochta Teoranta Uile-Éireann ar siúl gach Aibreán agus óstáiltear é in ionad difriúil gach bliain.
Déanann Sraith-Chomórtas Drámaíochta na hÉireann maoirsiú ar chomórtas uile-Éireann na Féile Drámaíochta Aon-Ghnímh. Reáchtáiltear na réamhchomórtais go léir in ionaid éagsúla le linn shéasúr an Fhómhair/an Gheimhridh agus reáchtáiltear Féile Drámaíochta Aon-Ghnímh Uile-Éireann, a bhíonn á reáchtáil in ionad difriúil gach bliain, i mí na Nollag. (https://www.dli.ie)
Reáchtálann Sraith-Chomórtas Drámaíochta na hÉireann scoil samhraidh bhliantúil. Reáchtálann an Sraith-Chomórtas ceardlanna réigiúnacha ar fud na tíre freisin.
Is eagraíochtaí deonacha iad an Chomhairle agus an Sraith-Chomórtas.
Eagraíonn go leor grúpaí ceardlanna neamhspleácha freisin chun a scileanna ealaíne agus cruthaitheacha a fheabhsú.
Déanann cleachtóirí amaitéaracha Gaeilge drámaí traidisiúnta na hÉireann a athbheochan, stór leathan a léiriú, agus stóir Eorpacha agus comhaimseartha a aistriú. Cuireann grúpaí atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta agus neamh-Ghaeltachta an scríbhneoireacht nua chun cinn, lena n-áirítear grúpaí trasteorann.
Feidhmíonn grúpaí drámaíochta amaitéaracha Éireannacha in ionaid éagsúla san Eoraip, i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe. Cuimsíonn an bhallraíocht iad siúd a oibríonn thar lear, daoine de bhunadh na hÉireann/oidhreacht na hÉireann agus/nó daoine atá cleamhnaithe le heagraíochtaí cultúrtha Éireannacha.
Forbairt, cur ar aghaidh agus cosaint:
Mar ghné uathúil d’oidhreacht dholáimhsithe na hÉireann, leanann traidisiún léiriú na drámataíochta amaitéaraí de ról suntasach a imirt i gcothú pobail, go heacnamaíoch, go cultúrtha agus go hiomlánaíoch. Le céad bliain anuas, tá a hinbhuanaitheacht bunaithe ar dhiongbháilteacht, dea-thoil agus rannpháirtíocht ghníomhach na ngrúpaí. Oidhreacht shainiúil, shoch-chultúrtha, baineann traidisiún na drámaíochta amaitéaraí le glúnta daoine agus pobal, cuireann sé stair bheatha ríthábhachtach ar fáil, agus caomhnaíonn sé scéalta cruthaitheacha agus stairiúla an phobail.
Caitheann pobail an dua leis an traidisiún i gcónaí, ó thaobh ama, fuinnimh agus tiomantais de, rud a chosnaíonn an oidhreacht uathúil seo. I ndeireadh na dála, tá an traidisiún fite fuaite i saol mothúchánach na ndaoine; is léiriú é a chuimhne comhchoiteann ar a mhórtas áite in oidhreacht áitiúil phobail.
Ar bhonn leanúnach, cuireann na grúpaí cuirí oscailte chuig baill nua, a fhaigheann tacaíocht ó bhaill a bhfuil taithí acu, rud a chinntíonn go gcoimeádtar an traidisiún agus an cheird mar is cuí. Mar thoradh air sin, coinníonn an-chuid grúpaí traidisiún leanúnach drámaíochta; go leor ó na 1930í agus 1940idí. Mar an gcéanna, leanann pobail ar aghaidh ag óstáil féilte go rathúil. In 2023, rinne an Fhéile Uile-Éireann ceiliúradh ar 70 bliain ó bunaíodh í.
Tá an ghluaiseacht amaitéarach fós lárnach maidir le stór sainiúil drámaí a athbheochan agus bhí ról ríthábhachtach aici i gcanóin shaibhir drámaíochta a chosaint a chinntigh, dá réir sin, go mairfeadh drámaí dearmadta, canúintí Bhéarla na hÉireann, teanga an phobail áitiúil; an béaloideas, Gaeilge do chultúr na tíre agus nósanna agus stair na háite, agus an dinnseanchas (topagrafaíocht), a bheadh imithe murach sin.
Is féidir leis an bpobal amaitéarach ról oideachasúil a ghlacadh freisin trí dhrámaí a bhaineann go sonrach le curaclam na scoile a léiriú, rud a chuirfidh daoine óga in aithne don traidisiún áitiúil amaitéarach. Ar an gcaoi chéanna, is minic a léiríonn grúpaí drámaí a d’fhanfadh gan léiriú murach sin: m.sh. iad siúd a mheastar nach bhfuil inmharthana ó thaobh airgeadais de ó thaobh drámaíochta gairmiúla.
Éascaíonn Féile Uile-Éireann Bhaile Átha Luain comórtas drámaí scoile, maoinithe ag gnólachtaí áitiúla. Reáchtálann Sraith-Chomórtas Drámaíochta na hÉireann comórtas drámadóireachta amaitéaraí i gcomhar le hAmharclann Ramhar, Co. an Chabháin chomh maith le himeachtaí imeallacha éagsúla, chun suim a mhealladh agus drámaíocht a chur chun cinn laistigh den phobal i gcoitinne.
Eagraíochtaí Teagmhála: An Dr Fiona Brennan, Staraí, Taighdeoir agus Cartlannaí Drámaíochta: irishliterarytrails@gmail.com