
Tá lúcháir ar an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt i gcomhpháirtíocht leis an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta (SSN) tacú le seachadadh ceithre thionscadal déag Oidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe (OCD) le linn Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta 2025.
Ar siúl ón 16 go dtí an 24 Lúnasa 2025, is ceiliúradh bliantúil ar árn-oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha í Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta. Beidh na céadta imeacht ar siúl ar fud na tíre le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta, lena n-áirítear imeachtaí tarraingteacha OCD thíosluaite.
Thug an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt cuireadh do chleachtóirí cleachtais OCD atá inscríofa ar Fhardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe tograí tionscadail a chur isteach a cheiliúrann agus a thaispeánann gnéithe de OCD na hÉireann. Anseo thíos tá na hocht dtionscadal rathúla a fuair maoiniú ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus SSN.
- Ceadal Clogra an Chóibh – Ceadal clogra le seinnteoir clogra a bhuaigh go leorduaiseanna, Oisín Dilger, Dé Domhnaigh, an 17 Lúnasa, ó 4.30-5.30 pm ag Ardeaglais Naomh Colmán sa Chóbh, Co. Chorcaí. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo.
- Píobaireacht Uilleann – Ag an am céanna lena n-imeachtaí le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta, déanfaidh Na Píopairí Uilleann sraith físeán a thaifeadadh chun aird a tharraingt agus na cleachtais chultúrtha a bhaineann le feag seamsúir a dhéanamh do phíobaí uilleann a thaispeáint. Is féidir tuilleadh sonraí faoina gceardlanna agus a léirithe a fháil anseo.
- Clódóireacht Litirphreasa – Bígí le priontálaithe oilte le haghaidh taispeántas speisialta a léiríonn cleachtas na clódóireachta litirphreasa traidisiúnta ar an 23 Lúnasa, ó 1pm . go 3 pm, i Músaem Náisiúnta Cló, Baile Átha Cliath 4. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo.
- Traidisiún na Drámaíochta Amaitéaraí – Dhá cheardlann ag ceiliúradh traidisiún fada na drámaíochta amaitéaraí in Éirinn;
Ceardlann 1: “The Play in Development Workshop” i gCill Orgain ar 16 Lúnasa ó 10.30r.n . go 4.30 pm Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo
Ceardlann 2: “Learn to Explore your Community’s Amateur Drama History” in Áth Luain, Co. na hIarmhí ar an 23 Lúnasa ó 10r.n . go 12 pm Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo
- Cruitireacht na hÉireann – Beidh ‘Harps for Heritage: Sharing the Tunes’ ar siúl i dteach scoile Mhucrois i bPáirc Náisiúnta Chill Airne, Co. Chiarraí Dé Domhnaigh an 24 Lúnasa ó 12.30pm . go 5 pm Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo
- Pórú Eallaí Dúchasacha na hÉireann – Beidh ceiliúradh ar phórtha dúchasacha beostoic á óstáil ag Daonpháirc Bhun Raite agus ag an Irish Native Rare Breed Society. Beidh an ócáid seo ar siúl i bPáirc Daonpháirc Bhun Raite, Co. an Chláir Dé Domhnaigh an 17 Lúnasa ó 10 am go 5 pm Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo
- Oidhreacht an Lucht Siúil– Beidh Lá Ceiliúrtha Oidhreachta an Lucht Siúil á reáchtáil ag Ceardlann Lucht Siúil na Mí Dé hAoine an 22 Lúnasa ó 10:00 am go 3:00 pm i Halla CYWS san Uaimh, Co. na Mí. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo
- Déanamh Curach na Bóinne – Beidh sraith imeachtaí á reáchtáil ag Grúpa Oidhreachta Curach na Bóinne ón 16ú go dtí an 24ú Lúnasa i Seandroichead, Co. na Mí. Beidh taispeántas fíodóireachta, caint, siúlóid agus lá ceardaíochta do pháistí san áireamh leis seo. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo
- Tógáil Cloiche Tirime – Le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta, beidh ceardlann á reáchtáil ag an Dry Stone Wall Association do pháistí chun cleachtais, teicnící agus oidhreacht thógáil bhallaí cloiche tirime i Muine Gall, Co. Thiobraid Árann Déardaoin an 21 Lúnasa, ó 11am go 2.30 pm Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo
- Iománaíocht agus Camógaíocht – Chun ceiliúradh a dhéanamh ar na 45 club nua a chláraigh chun an iománaíocht agus an chamógaíocht a chur chun cinn, beidh CLG ag scannánú ceann de na clubanna nua seo, CLG an Daingin, agus an spórt á thabhairt isteach do leanaí den chéad uair. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo.
- Foirgneamh Churach na Mara – Beidh lá oscailte á reáchtáil ag Club Churach Iarthar an Chláir ag Teach Bád Chill Chaoi, Co. an Chláir Dé Sathairn an 23 Lúnasa ó 11 am – 6 pm áit ar féidir leis an bpobal tuilleadh a fhoghlaim faoin teicníc thógála thraidisiúnta seo. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo.
- Seitrince Gaelach – Bígí linn le damhsóirí tacair Brookes Academy agus iad ag taispeáint an fhoirm thraidisiúnta Gaelach seo agus tabhair cuireadh don lucht féachana páirt a ghlacadh Dé Céadaoin an 20 Lúnasa ó 7 pm – 9.30 pm, i Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo.
- Fingal Mummers – Beidh dhá léiriúspeisialta á reáchtáil ag na Fingal Mummers ar 17 Lúnasa i Mol Pobail Bhaile Bachaille, Co. Bhaile Átha Cliath ó 3pm-30pm ar 17 Lúnasa. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo
- Déanamh Ciseán – Cuirfidh an Irish Heritage Craft Co-op sraith cleachtas agus ceardaíocht thraidisiúnta i láthair ar an 23 Lúnasa ó 11 am go 2 pm ag Páirc Áineasa agus Oidhreachta Dhún na Sí, Móta, Co. na hIarmhí. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo
Ná caill na deiseanna iontacha seo chun foghlaim faoi Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann go díreach ó na cleachtóirí atá tiomanta do na cleachtais seo a chosaint do na glúnta atá le teacht.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta, tabhair cuairt ar Home | Seachtain Náisiúnta na Oidhreachta 13 – 21 Lúnasa 2022
Fuair na tionscadail seo maoiniú trí thionscnamh comhpháirteach ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus ón tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta chun tacú le cleachtais atá inscríofa ar Fhardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe.
Tá Fardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúr Dholáimhsithe á bhainistiú ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus is féidir é a fheiceáil ag https://nationalinventoryich.ccs.gov.ie/ga/. Tá lúcháir ar Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta tacú leis an tionscnamh seo a leagann béim ar an ngaol láidir idir oidhreacht inláimhsithe agus doláimhsithe.