Tá lúcháir ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán igcomhpháirtíocht leis an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta (SSN) tacú le seachadadh ocht dtionscadal Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe (OCD) le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta
2024.
Ar siúl ón 17 go dtí an 25 Lúnasa 2024, is ceiliúradh bliantúil ar ár n-oidhreacht nádúrtha, thógthaagus chultúrtha í Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta. Beidh na céadta imeacht ar siúl ar fud na tíre le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta, lena n-áirítear imeachtaí tarraingteacha OCD thíosluaite.
Thug an RTCEGSM cuireadh do chleachtóirí cleachtais OCD atá inscríofa ar Fhardal Náisiúnta na hÉireann d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe tograí tionscadail a chur isteach a cheiliúrann agus a thaispeánann gnéithe de OCD na hÉireann. Anseo thíos tá na hocht dtionscadal rathúla a fuair maoiniú ón RTCEGSM agus SSN.
- Ceadal Clogra an Chóibh – Ceadal clogra le haoi-sheinnteoir clogra a bhuaigh go leor
duaiseanna, Katarzyna Takao-Piastowska, Dé Luain, an 19 Lúnasa ó 1 i.n. go 2 i.n. in
Ardeaglais Naomh Colmán sa Chóbh.
Ceadal Clogra an Chóibh | Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 17 – 25 Lúnasa 2024 - Píobaireacht Uilleann – Trí imeacht ina dtugtar cuireadh don phobal triail a bhaint as
píobaireacht uilleann agus ceardlann faoi conas feaga phíb uilleann a dhéanamh. Dé hAoine,
an 23 Lúnasa, Dé Sathairn, an 24 Lúnasa, Baile Átha Luain, Sligeach, Inis Córthaidh agus Baile
Átha Cliath.
Conas Feaga a Dhéanamh – cúrsa dhá lá
Bain Triail as an bPíb (Sligeach)
Bain Triail as an bPíb (Loch Garman)
Bain Triail as an bPíb (An Iar-Mhí) - Clódóireacht Litirphreasa – Cuirtear beocht sa Mhúsaem agus tú ag féachaint ar phainéal
deonach de phriontálaithe agus eagraithe cló scortha ag léiriú an bhailiúcháin agus é faoi lán
seoil. An Músaem Náisiúnta Cló, Dé Sathairn, an 17 Lúnasa (1-3 i.n.) agus Déardaoin, an 22
Lúnasa (12-2 i.n.). - Déanamh Lása Luimnigh – Seoladh Fhíseán Teagaisc Lása Luimnigh ag Tob-Thaispeántas i
Músaem Luimnigh ar an 22 agus an 23 Lúnasa.
Seoladh fhearas athdheartha lása do thosaitheoirí – Lása Luimnigh
Seoladh Fhearas Athdheartha Lása Luimnigh | Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 17 – 25
Lúnasa 2024 - Traidisiún na Drámaíochta Amaitéaraí – Sraith imeachtaí lena n-áirítear craoladh raidió,
ceardlanna agus léirithe beo. Beidh na himeachtaí ar siúl i gCathair Chorcaí, Cill Orglan, Co.
Chiarraí, Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman agus Baile Átha Troim, Co. na Mí.
Ceardlann Drámaíochta Shaor in Aisce | Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta, 17 – 25 Lúnasa 2024 - Cruitireacht na hÉireann – ‘Harps for Heritage 2024’ i dTeach agus Feirm Thraidisiúnta
Mhucrois, Dé Domhnaigh, an 18 Lúnasa ag 3 i.n. go 5 i.n. Áireoidh sé seo; taispeántas ‘Hands
on Harp’; plé modhnaithe ‘Fóram Oscailte’; agus léiriú beo.
Harps for Heritage 2024 | Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta, 17 – 25 Lúnasa 2024 - Pórú Eallaí Dúchasacha na hÉireann – Déanann Daonpháirc Bhun Raite agus Cumann Pórtha
Uathúla Dúchasacha na hÉireann ceiliúradh ar phórtha dúchasacha. Beidh rogha de phórtha
ar taispeáint chomh maith le ceardaithe a bheidh ag obair le táirgí críochnaithe a
dhíorthaítear ó na pórtha. Daonpháirc Bhun Raite, Co. an Chláir, Dé Domhnaigh, an 18 Lúnasa, 10 r.n. go 5 i.n. - Oidhreacht an Lucht Siúil – Taispeántas Stair Bheo an Lucht Siúil ar Fhaiche an Aonaigh san
Uaimh ar an 23 Lúnasa.
Ceardlann Lucht Siúil na Mí, Taispeántas Stair Bheo an Lucht Siúil | Seachtain Náisiúnta na
hOidhreachta, 17 -24 Lúnasa 2024
Ná caill amach ar na deiseanna iontacha seo chun foghlaim faoi ODC na hÉireann go díreach ó na cleachtóirí atá tiomanta do na cleachtais seo a chosaint do na glúnta atá le teacht.
Cliceáil anseo le féachaint ar Fhardal Náisiúnta na hÉireann um Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta tabhair cuairt le do thoil ar
Chómhaonigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Seirbhís
na Séadchomharthaí Náisiúnta an tionsnamh seo.
Tá áthas ar Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta tacú leis an tionscnamh seo ina gcuirtear chun
cinn agus ina gcosnaítear ár n-éagsúlacht chultúrtha ag