| Láthair | Na hoileáin amach ó chósta na hÉireann |
|---|---|
| Catagóirí | Eolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an domhan Muirí, báid, loingseoireacht Traidisiúin bhéil agus nathanna cainte, lena n-áirítear teanga |
| Eochairfhocail | Eochairfhocail Muirí, báid, loingseoireacht |
| Eagraíocht Teagmhála | Eagraíocht Acmhainní Muirí Oileáin na hÉireann (IIMRO) |
Bhain mairnéalaigh ar Oileáin na hÉireann úsáid as modhanna treoshuímh agus loingseoireachta ar farraige, modh traidisiúnta a tháinig anuas ó ghlúin go glúin agus a leantar leis go dtí an lá atá inniu ann. Bhí marcanna na talamh á gcleachtadh ar oileáin ar fud an domhain a chinntíonn go mbíonn iascairí agus daoine eile a bhíonn ag dul chun farraige in ann loingseoireacht a dhéanamh go sábháilte ar a dtimpeallacht, trealamh iascaireachta agus na limistéir iascaireachta is fearr a aimsiú.
Faisnéis Chúlra
I bhfad roimh chairteacha, sondálaithe, breacairí, radar, VHF agus uirlisí teicneolaíochta eile a thagann leis na soithí nua-aimseartha, bhí pobail ag obair agus ag seoladh na bhfarraigí timpeall ar na hoileáin amach ón gcósta. Taispeánann marcanna na talamh nó “marcanna” an bealach thart timpeall ar bhacainní contúirteacha, taispeánann siad na bealaí chuig na limistéir iascaireachta agus líne thrasdula shábháilte chuig limistéir eile. Tá amharc agus fuaim agus fiú boladh na farraige measctha le bealaí difriúla eolais a thagann anuas trína glúnta a chinntíonn go mbíonn báid na n-oileán in ann slí bheatha a bhaint amach agus filleadh abhaile go slán sábháilte ag deireadh an lae.
Is ‘comharran’ ar Barra agus ‘marcanna na talamh’ ar Árainn Mhór, a thugtar “ar cheann de na gnéithe feidhmiúla is tábhachtaí ó thaobh eolas traidisiúnta an iascaire. Is treoracha, marcanna talaimh atá iontu seo freisin, a mbaineann iascaire gliomach úsáid astú, mar shampla, an t-achar is atá sé/sí ar an bhfarraige, lena dtreorú chuig an gcruaghrinneall atá a úsáid acu mar mheánna gliomach. Beidh roinnt de na marcanna a úsáidtear chun an bealach a dhéanamh chuig meá áirithe mar a chéile d’iascairí difriúla, ach i roinnt cásanna beidh a gcuid marcanna féin ag gach iascaire.”

Siar ó Árainn Mhór. Grianghraf le Stephen Hurrel, Dúchas na Mara 2012, ISBN 978-0-9529089-8-2
MacKinnon, I. agus Brennan, R. 2012. Dùthchas na Mara/Dúchas na Mara / Belonging to the Sea. Grianghrafadóireacht: Stephen Hurrel. ISBN 978-0-9529089-8-2
Tá an sliocht thuas tógtha as comhthionscadal idir Oileán Barra in Albain agus Árainn Mhór i nDún na nGall agus léirítear réim idirnáisiúnta na hoidhreachta cultúrtha doláimhsithe idir pobail oileáin.
Taispeánann tithe, cuaille nó crann ar tír, carraig áirithe atá ag teacht le marc feiceálach eile an bealach sa lá, agus cuidíonn solas áirithe i dteach le soilse stiúrtha éagsúla, péirsí agus tithe solas leis an mbealach a thaispeáint san oíche. Tá an bealach tuisceana seo ar an timpeallacht mhuirí dhifriúil, ach déanann comhlánú ar na bealaí is nuaí maidir le loingseoireacht a fhoghlaim ó leabhair, cúrsaí oiliúna muirí agus úsáid cianbhraiteachta agus teicneolaíochtaí eile. Mar sin féin admhaíonn cairteacha muirí nua-aimseartha go bhfuil limistéir áirithe ann nach bhfuil inseolta ach trí úsáid a bhaint as árthaí beaga, faoi chriú iascairí oilte le “heolas áitiúil”.
Tá oidhreacht uathúil agus tábhachtach á comhroinnt ag muintir na n-oileán amach ó chósta na hÉireann a eascraíonn go díreach óna gcaidreamh leis an timpeallacht cósta agus muirí.

An North Sea Queen in Inis Mhic an Doirn agus in Árainn Mhór thart ar 19056 Grianghraf le Jack Herdman, Herdman Collection, foinse Celia Ferguson (née Herdman) agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Soláthraíonn an oidhreacht chultúir mhuirí chomhroinnte seo na n-oileán amach ón gcósta ómós áite, aontacht agus gurbh í cuid na ndaoine an oidhreacht. Tá a n-oidhreacht chultúir dholáimhsithe fréamhaithe sa tírdhreach, sa mhuirdhreach, sna báid, sna foirgnimh, sna scéalta, sna traidisiúin, teanga agus ina gcleachtais chultúrtha shonracha. Nascann sé na daoine seo le chéile, leis an am atá caite agus cuidíonn lena dtodhchaí a threorú.
Tá na hoileáin saibhir ó thaobh na staire agus an chultúir araon agus bhí pobail ag maireachtáil orthu leis na mílte bliain a bhfuil a lorg fágtha amach ar an tírdhreach. Go deimhin, deirtear nach amháin gur mhúnlaigh na daoine na hoileáin ach tá sinne múnlaithe ag na hoileáin freisin. Déanann na hainmneacha atá ar go leor de na marcanna talamh ar fud na n-oileán cur síos ar dhaoine aonair, ar scéal nó ar eachtra suntasach éigin eile a chaomhnaíonn iad agus a chuireann ar fáil iad don chéad ghlúin eile, a chinntíonn ar an mbealach sin nach gcailltear na scéalta.

Iascaire agus leanbh, Árainn Mhór. Grianghraf le Seamus Bonner
Cleachtadh agus cleachtóirí
Cé go bhféadfadh sé nach bhfuil eolas phobal iascaireachta na n-oileán ar aon dul leis an gcruinneas cuspóireach atá mar shaintréithe ar thuiscint na heolaíochta nádúrtha ar an timpeallacht mhuirí, d’fhéadfaí a rá go bhfuil eolas an iascaire níos fearr mar go bhfuil sé níos gaire don réimse tuisceana iomlán, le cumhacht phraiticiúil agus mothúchánach. Leis na céadta bliain, tá ról lárnach aige seo ó thaobh tacú le cothú agus le céannacht shainiúil mhuintir na n-oileán.
Tá úsáid marcanna na talamh forleathan ar fud Oileáin na hÉireann go léir mar gheall ar a n-áisiúlacht agus ar a bpraiticiúlacht fiú le linn ré seo na n-áiseanna leictreonacha, idirlín agus fón póca le loingseoireacht a dhéanamh.

An Dr. Ruth Brennan agus an tIascaire Seamus Kavanagh. Grianghraf le Stephen Hurrel, Dúchas na Mara 2012, ISBN 978-0-9529089-8-2
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Déanann Eagraíocht Acmhainní Muirí Oileáin na hÉireann (IIMRO) ionadaíocht ar mhuintir na n-oileán ó thaobh cúrsaí muirí agus tá comhaltaí acu ar fud gach réigiún ina bhfuil oileáin amach ón gcósta. Tá struchtúr dleathach comharchumainn ag IIMRO agus oibríonn le hionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir na n-oileán ag leibhéal náisiúnta agus Eorpach. Tá comhaltaí IIMRO chun tosaigh ó thaobh cleachtadh agus caomhnú mharcanna na talamh agus baineann úsáid astu go rialta sa saol laethúil. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an mbealach ina n-oibríonn an eagraíocht ag www.iimro.org
Tugann daoine aonair, pobail áitiúla agus grúpaí pobail, go príomha, faoi chaomhnú agus faoi chothabháil thraidisiúin na n-oileán ar oileáin na hÉireann. Áirítear ar shamplaí, ceol traidisiúnta, féilte ealaíon agus ballaí cloiche, grúpaí cniotála agus fuála. Níl aon chreat uileghabhálach ann i láthair na huaire do bhailiú, tabhairt le chéile, doiciméadú agus caomhnú oidhreacht chultúir dholáimhsithe ar na hoileáin amach ó chósta na hÉireann. Tagann go leor de na traidisiúin seo anuas ó ghlúin go glúin tríd an bhfocal labhartha agus trí chleachtadh scileanna agus tá an baol ann go gcaillfear iad seo go léir.

Currach, Inis Toirc. Grianghraf le Seamus Bonner
Tá an fhéidearthacht ag an stór mór eolais traidisiúnta atá ar na hoileáin seo agus a tháinig ón gcaidreamh fada agus dlúthbhaint a bhí ag muintir na n-oileán leis an nádúr, ceangal le bealaí difriúla ó thaobh a bheith eolach ar an timpeallacht mhuirí. Is dóigh go gcuireann an easpa reatha ceangail atá ann idir na bealaí seo ó thaobh tuiscint a fháil ar an saol le coimhlint leanúnach ar na hoileáin. Creidimid go mbeidh áit a aimsiú do gach aon ‘saol’ acu seo mar chúis le bealach níos fearr eolais agus tuisceana a fháil ar na farraigí atá thart timpeall orainn.
Eagraíocht Teagmhála
Eagraíocht Acmhainní Muirí Oileáin na hÉireann (IIMRO)
Eagraíocht Teagmhála
Cónaidhm Oileáin na hÉireann