| Láthair | Láthair Áth Cinn, Co. na Gaillimhe |
|---|---|
| Catagóirí | Ceardaíocht thraidisiúnta |
| Eochairfhocail | Áth Cinn, lása spóilín, ceardaíocht |
| Eagraíocht Teagmhála | Eagraíocht teagmhála Tionscadal Lása Áth Cinn |
Achoimre Ghearr
Is éard atá i gceist le Lása Áth Cinn ná cineál lása spóilín a bhíodh á dhéanamh i gceantar Áth Cinn i gContae na Gaillimhe ó thar tar an mbliain 1765. Cruthaítear lása spóilín, ar a dtugtar lása pilliúir, lása cnámh nó lása snáithe chomh maith, trí shnáitheanna éagsúla atá ceangailte le spóilíní, a fhí, os cionn a chéile agus faoina chéile in ord. Déantar an lása ar philiúr, ar bhord nó eile ar ucht an duine, rud atá níos traidisiúnta.

Faisnéis chúlra
Tá a fhios againn ó thagairt scríofa ón mbliain 1865 gur bean as teaghlach Naomh George a bhunaigh an lásadóireacht in Áth Cinn 100 bliain roimhe sin (thart ar 1765), rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na lásaí is sine dá bhfuil ann, de bhunú na hÉireann. Baineann stair na lásadóireachta in Áth Cinn, agus go deimhin stair na lásadóireachta go ginearálta, le stair na mban, mná a bhfuil cuid mhaith dá scéalta caillte le himeacht aimsire.
Fostaíodh cailíní agus mná a bhí bocht chun lása a dhéanamh in Áth Cinn; fuair siad tacaíocht ó phátrúin mná saibhre a bhain le teaghlach Naomh George. Tá tuiscint éigin againn ar chomh mór agus a bhí an tionscail ó thagairt amháin a thugann le fios go raibh cúpla céad duine fostaithe i dtionscail na lásadóireachta sa cheantar sa bhliain 1847. Cé go raibh tionchar ag blianta corracha an Ghorta Mhóir ar an gceantar, leanadh ar aghaidh ag déanamh Lása Áth Cinn laistigh den phobal agus tá fianaise ann gur cineál lása ceaptha ann féin a bhí i gceist.
Tá a fhios againn gur cheannaigh an Bhanríon Victoria luach £20 de lása Áth Cinn in 1847, rud a léiríonn go raibh luach agus stádas aige. Scríobh Muintir Dillon as Teach Chluain Broc ina leabhair chuntais éadaí sa bhliain 1870 gur cheannaigh siad “8 slat de Lása Áth Cinn: 2s “. Sa bhliain 1887 taispeánadh píosa de lása Áth Cinn ag an Taispeántas Iubhaile Ríoga i Manchain, in éineacht le lásaí eile de chuid na hÉireann. Is léir uaidh seo go raibh stádas agus caighdeán a bhain leis.
Chomh maith leis an bhfianaise seo, tá taifid againn ó na daonáirimh a léiríonn go raibh roinnt lasadóirí mná fós ina gcónaí in Áth Cinn agus sa cheantar máguaird ag tús an 20ú haois. Tugann taifid ó Sheónna Talmhaíochta Áth Cinn suas go dtí an bhliain 1917 le fios gur chatagóir chomórtais dá chuid féin a bhí i Lása Áth Cinn. Luaitear i dtagairt ó Bhailiúchán na Scol de chuid Dúchas ó na 1930idí gur díoladh lása ó Áth Cinn sna blianta roimhe sin ag margaí i dTuaim agus i nDún Mór. Cé gur beag eolais atá ann faoi Lása Áth Cinn ón tréimhse sin go dtí an lá atá inniu ann, tá go leor oibre déanta ag Tionscadal Lása Áth Cinn (HLP) le blianta beaga anuas chun taighde, athbheochan agus athshamhlú a dhéanamh ar an gceird thraidisiúnta seo.

Cleachtas agus cleachtóirí
Sa bhliain 2016, d’fhostaigh Tionscadal Lása Áth Cinn Jackie Magnin mar theagascóir chun lása spóilín a mhúineadh ar bhun ráithe in Áth Cinn. Bíonn ranganna ag an mbunleibhéal agus ranganna leantacha ar siúl freisin. Cuireann Tionscadal Lása Áth Cinn spás ar leith ar fáil ionas gur féidir le daoine bualadh le chéile agus a bheith cleachtadh. Go dtí seo, múineadh na greamanna bunúsacha atá sa lása spóilín do níos mó ná 80 tosaitheoir. Tá macasamhail déanta ag an teagascóir de phíosa amháin de Lása Áth Cinn atá fós againn, a tháinig ó Chaisleán Áth Cinn thart ar an mbliain 1904. Is iad príomhchleachtóirí Lása Áth Cinn ná – Jackie Magnin, Norma Owens, Colette Kelly, Fiona Harrington agus an tSiúr Madeleine Cleverly. Tá píosa de Lása Áth Cinn críochnaithe ag na lásadóirí seo ar fad, ag baint úsáid as an bpatrún a ndearna Jackie Magnin, atá mar theagascóir lása don tionscadail, macasamhail de.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Tá sé mar aidhm ag Tionscadal Lása Áth Cinn (HLP) stair agus ceird na lásadóireachta sa cheantar a athbheochan, taighde a dhéanamh uirthi agus í a athshamhlú. Níl an lásadóir is óige de chuid an HLP ach 9 mbliana d’aois (thosaigh an lásadóir seo amach ag 7 mbliana d’aois) agus reáchtáil siad roinnt imeachtaí do pháistí agus do dhéagóirí chun oideachas a chur orthu faoin oidhreacht chultúir dholáimhsithe seo. I measc na n-imeachtaí tá:
● Ceardlann do dhaoine óga le linn Chruinniú na nÓg 2019- léiriú faoin aer de ‘Twisted Bobbins’ ar fhaiche Leabharlann Áth Cinn.
● Chum ceoltóirí óga Headford Music Works píosa ceolfhoirne, dar teideal ‘Lace Threads’ a bhí bunaithe ar scéal Lása Áth Cinn.
● Bhí roinnt déagóirí ó Choláiste na Toirbhirte, Áth Cinn, le feiceáil i gcomhoibriú físe a rinne HLP leis an amharcealaíontóir JoJo Hynes.
● Mhúin cleachtóir Lása Áth Cinn, an tSiúr Madeleine Cleverly, bunrang a mhair sé seachtaine ar an lása spóilín do pháistí bunscoile i Rang a 6 in Eagles Nest, Crois na Tulaí in 2019. Tá na himeachtaí seo agus cuid eile nach iad ag cabhrú le ceird agus oidhreacht na lásadóireachta a chur ar aghaidh chuig na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh.
Bhíothas i dteagmháil leis an bpobal (sa bhaile agus thar lear) trí na tionscadail seo a leanas:
• Tá oidhreacht bhuan cruthaithe ag HLP ar an mbaile i bhfoirm binse a fuair spreagadh ó Lása Áth Cinn. Ba é Kilkee Forge a dhear agus a chruthaigh an binse atá suite anois i nGairdín na Lásadóirí san Úllord Pobail. Luaitear stair Lása Áth Cinn ar an gclár eolais sa ghairdín agus déantar tagairt freisin don tSráid Nua, áit a raibh cónaí ar lásadóirí san am atá caite.
● Mar thoradh ar an gcomhoibriú leis an ngrúpa tíre áitiúil, The Whileaways, cumadh amhrán dar teideal ‘Toss the Bobbin’ a bhí le cloisteáil ar raidió RTÉ. Seinneadh é mar chuid de na ceolchoirmeacha a bhí ag an ngrúpa ar líne le linn na dianghlasála agus shroich sé lucht spéise domhanda.
● Chomh maith leis na ranganna a bhí ar siúl gach ráithe in Áth Cinn, d’óstáil HLP imeachtaí in áiteanna eile, amhail Músaem na Gaillimhe, Músaem Shaol na Tuaithe i gCaisleán an Bharraigh, Mainistir na Coille Móire agus Muilte Olla Bhéal Easa.
● Thaistil ball den choiste, Norma Owens, go Philadelphia in 2019 chun taispeántas lása spóilín a chur ar bun i Músaem Réabhlóid Mheiriceá le linn taispeántais a bhain le saol an Choirnéil Richard Mansergh Naomh George, a bhí ina phátrún ar lása Áth Cinn. Ciallaíonn sé seo go bhfuil eolas faoin tionscadal scaipthe taobh amuigh d’Éirinn.
● Tá digitiú déanta ar chartlann den lása fisiciúil ina bhfuil níos mó ná 100 píosa lása a rinneadh le lámh agus le meaisín. Is féidir teacht air seo anois as áit ar bith ar domhan ar láithreán gréasáin HLP.
● Choimisiúnaigh DCCI físeán ar Lása Áth Cinn do Sheachtain Oidhreachta 2020.
● I mí Dheireadh Fómhair 2020, reáchtáil HLP taispeántas idirnáisiúnta lásadóireachta in Áth Cinn dar teideal The Space Between. Ba í an t-ealaíontóir lásadóireachta, Fiona Harrington, a choimeád an taispeántas seo.
● Ina theannta sin tá pobal láidir domhanda bainte amach ar líne ag HLP, trínár gcainéil meán sóisialta ar Facebook, Instagram, Twitter.
Eagraíocht Teagmhála
Eagraíocht teagmhála Tionscadal Lása Áth Cinn