Iománaíocht

Láthair Eolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an domhan Cleachtais shóisialta, gnásanna agus imeachtaí féilte Traidisiúin béil agus nathanna cainte, lena n-áirítear teanga Na Taibhealaíona Ceardaíocht thraidisiúnta
Catagóirí Eolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an domhan
Cleachtais shóisialta, gnásanna agus imeachtaí féilte
Traidisiúin bhéil agus nathanna cainte, lena n-áirítear teanga
Na Taibhealaíona
Ceardaíocht thraidisiúnta
Eochairfhocail Iománaíocht, camógaíocht, camán, sliotar, CLG, An Cumann Camógaíochta
Eagraíocht Teagmhála CLG, An Cumann Camógaíochta

Is cluiche náisiúnta í an iománaíocht (lena n-áirítear an chamógaíocht)atá dúchasach d’Éirinn. Bíonn na cluichí náisiúnta, a bhfuil an Pheil Ghaelach mar chuid díobh freisin, á rialú in Éirinn agus thar lear ag dhá chomheagraíocht atá faoi stiúir oibrithe deonacha is iad sin Cumann Lúthchleas Gael agus an Cumann Camógaíochta. Tá 32 Bord Contae ar fud oileán na hÉireann ag CLG agus 1,615 Club ina bhfuil 511,500 ball cláraithe. Is líonraí pobail iad na forais seo a bhfuil dlúthbhaint acu le scoileanna na hÉireann toisc go n-imrítear an iománaíocht i 74% de na Bunscoileanna agus i 66% de na hIar-bhunscoileanna. Bíonn thart ar 98,000 páiste ag imirt na hiománaíochta agus meastar go mbíonn 177,096 imreoir amaitéarach san iomlán ag imirt ag leibhéal na hÓige agus na nDaoine Fásta. . Chomh maith leis sin, is ionann líon na n-oibrithe deonacha atá ag Cumann Lúthchleas Gael agus 6% de na daoine fásta ar fad atá in Éirinn. Go hidirnáisiúnta, tá 8 nAonad Idirnáisiúnta fud fad an domhain agus 421 Club ón Airgintín go Vítneam ina bhfuil 27,764 ball cláraithe.

Bronnadh aitheantas idirnáisiúnta ar an Iománaíocht sa bhliain 2018 nuair a rinne UNESCO é a inscríobh ar Liosta Ionadaíoch Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna.

Faisnéis chúlra

24 July 2023; St Louis during day one of the FRS Recruitment GAA World Games 2023 at the Owenbeg Centre of Excellence in Dungiven, Derry. Photo by Ramsey Cardy/Sportsfile

Cluiche páirce is ea an iománaíocht ina mbíonn 2 fhoireann ag imirt. Tá stair aige a théann siar 2,000 bliain agus ról tábhachtach i miotaseolaíocht na hÉireann, go háirithe sa scéal mór le rá faoi éachtaí Chú Chulainn.

San am atá caite ní bhíodh aon rial ann maidir le líon na n-imreoirí agus d’imrítí na cluichí ar pháirceanna oscailte. Sa lá atá inniu ann, bíonn 15 imreoir ar fhoirne na nDaoine Fásta agus imrítear an cluiche ar pháirc atá marcáilte go soiléir agus dhá chuaille, cosúil leis na cuaillí don rugbaí, ag gach aon taobh den pháirc.

Imrítear iománaíocht le maide adhmaid (camán), agus liathróid bheag (sliotar). Le himeacht ama tá athrú tagtha ar a gcruth agus ar a ndéanamh seo agus sa lá atá inniu ann tá an camán cosúil le maide haca ach amháin go bhfuil an barr cothrom agus cruinn.

Tá an sliotar cosúil le liathróid daorchluiche ach amháin go bhfuil sí níos lú. Is é cuspóir an chluiche ná an camán a úsáid leis an sliotar a bhualadh agus í a chur isteach idir cuaillí na foirne eile. Má sheoltar an sliotar thar an trasnán bronntar pointe. Má sheoltar isteach faoin trasnán í, thar an gcúl báire, bronntar cúl (3 phointe).

Is féidir breith ar an sliotar sa lámh agus í a choinneáil sa lámh ag imreoir ag glacadh 4 chéim. Tar éis 4 chéim caithfidh an t-imreoir an sliotar a chothromú ar deireadh an chamáin. Is féidir le sliotar a phasáil ach an sliotar a bhualadh leis an gcamán san aer nó ar an talamh nó tá cead an liathróid a phasáil le ‘pas láimhe’ i.e. an lámh oscailte a úsáid chun an liathróid a chur ar aghaidh chuig imreoir eile.

Is cuid lárnach de chultúr na hÉireann í an iománaíocht agus níl sí teoranta d’aon phobal amháin. Is amhlaidh go bhfuil sí i gcroílár shaol sóisialta na hÉireann sa lá atá inniu ann toisc go bhfuil ról nach féidir a shárú aici mar a bhaineann le cur chun cinn na corpacmhainneachta, na sláinte agus na folláine, na cuimsitheachta, an spioraid foirne agus na féiniúlachta sa phobal.

Cothaíonn an iomáint ceangal, nach bhfuil a leithéid eile le fáil, do dhaoine in Éirinn agus thar lear leis an am atá caite, chomh maith le féiniúlacht a chothú de bharr an bhéaloidis, na miotais agus na finscéalta a bhaineann leis an gcluiche. Gan trácht ar na seanlaochra a shamhlaítear leis an gcluiche, sa lá atá inniu ann cuireann an iománaíocht ardán ar fáil atá in ann glacadh le gach ceann de na pobail atá i sochaí na hÉireann agus iad a chur san áireamh. I scoileanna agus i gclubanna fud fad na tíre, tugtar deis do gach páiste beag beann ar chúlra ná ar náisiúntacht camán a phiocadh suas agus a bheith páirteach sa sásamh atá le baint as a bheith ag imirt na hiománaíochta. Nuair a dhéanann siad amhlaidh, braitheann siad go bhfuil muintearas cothaithe acu – tá siad anois mar chuid de phobal iománaíochta an domhain.

Is siombailí iad an camán agus an sliotar a aithnítear láithreach ar fud na hÉireann agus thar lear mar rudaí a bhaineann go sonrach le hÉirinn. Ach taobh amuigh de sin is siombailí iad freisin den tiomantas, den dúthracht agus den scil a theastaíonn chun máistreacht a fháil ar an gcluiche seo atá dúshlánach ach a bhfuil an-sásamh le baint as ag an am céanna. Tugann an cluiche spriocanna spóirt d’fhir agus do mhná ach anuas air sin, agus iad ag imirt na hiománaíochta agus iad mar chuid den phobal, tagann forbairt orthu mar dhaoine ar bhealach iomlánach.

I ndeireadh na dála baineann an cluiche le ceangal – ceangal leis an am atá caite, ceangal leis an oidhreacht agus ceangal leis an bpobal agus lena chéile.

Cleachtas agus cleachtóirí

28 July 2023; Gearóid Kennedy of New York in action against Cian Hennessy, left, and Barry Cahalane of Pearse Óg San Francisco during the Hurling International Cup Final Séamus Howlin Cup on day five of the FRS Recruitment GAA World Games 2023 at Celtic Park in Derry. Photo by Piaras Ó Mídheach/Sportsfile

Is iad na himreoirí na príomhshealbhóirí agus na príomhchleachtóirí mar a bhaineann leis an iománaíocht agus leis an gcamógaíocht– tugann ‘iománaithe’ ar na fir ‘imreoirí camógaíochta’ ar na mná. Tosaíonn na himreoirí ag traenáil agus ag imirt ar an gcéad dul síos lena gClub agus/nó le foireann na Scoile agus, má léiríonn siad an-chumas, roghnófar iad le bheith ag imirt ar fhoireann an Chontae.

Is iad na cóitseálaithe atá freagrach as na himreoirí a fhorbairt agus úsáid bainte as seisiúin traenála agus cluichí. Is oibrithe deonacha iad 95% de na cóitseálaithe, cé go mbíonn céatadán beag fostaithe ag Cumann Lúthchleas Gael agus ag an gCumann Camógaíochta chun cabhrú leis na hoibrithe deonacha. De réir pholasaí CLG, ní mór do chóitseálaithe tabhairt faoi na Cúrsaí Oideachais do Chóitseálaithe, a chuirtear ar fáil do gach cóitseálaí.

Bíonn na cluichí á rialú ag Oifigigh Cluiche lena n-áirítear Réiteoir, Maor Líne (x2) agus Moltóir (x4). Agus cluiche á imirt is é an Réiteoir an príomh-Oifigeach Cluiche agus caithfidh sé a chinntiú go gcloíonn na himreoirí le Rialacha Imeartha na hIománaíochta. Bíonn Maor Líne amháin ar gach aon taobh den pháirc agus é freagrach as cuidiú leis an Réiteoir agus a bheith in ann a rá an bhfuil an sliotar imithe amach thar an taobhlíne. Bíonn dhá mhaor cúil ina seasamh ag dhá cheann na páirce i ngar do na cuaillí. Caithfidh siad seo a chur in iúl má theip ar imreoir scór a fháil nó má scóráil sé pointe (thar an trasnán) nó cúl (faoin trasnán). Faigheann gach Oifigeach Cluiche oiliúint don ról.

Is é Cumann Lúthchleas Gael atá freagrach as Rialacha Imeartha na hIománaíochta a fhaomhadh agus a rialáil. Chomh maith leis sin, déanann an Cumann comórtais a fhaomhadh agus a eagrú ag gach leibhéal (Club/Contae). Ina theannta sin, tá sé freagrach as deiseanna Foghlama & Forbartha a chur ar fáil do na hImreoirí, na Cóitseálaithe agus na hOifigigh Cluiche.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

25 July 2023; Jen Hosford of Australasia during day two of the FRS Recruitment GAA World Games 2023 at the Owenbeg Centre of Excellence in Dungiven, Derry. Photo by Ramsey Cardy/Sportsfile

Téann cluiche na hIománaíochta siar 2,000 bliain agus d’imrítí é gan rialachán go dtí 1884. Le linn na tréimhse seo is trí a bheith ag imirt an chluiche a cuireadh scileanna an chluiche ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Faoin 19ú haois, áfach, bhí sé ina ábhar imní go raibh an Iománaíocht ag fáil bháis. Sa bhliain 1884, bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael mar chuid d’Athbheochan na Gaeilge – gluaiseacht leathan chultúrtha a bhí ag féachaint leis an nGaeilge, an litríocht agus na cluichí a chosaint agus a chaomhnú. Ó shin i leith tá CLG tar éis an fhreagracht a ghlacadh as córais a chur i bhfeidhm chun scileanna agus luachanna na hIománaíochta a chur chun cinn.

Sa lá atá inniu ann déantar na scileanna Iománanaíochta a chosaint agus a chur os comhair na glúnta nua trí chóitseáil agus cluichí a chur ar fáil i Scoileanna, i gClubanna agus i gContaetha ar fud na hÉireann agus thar lear. Bíonn sé de chúram ar na cóitseálaithe deonacha seisiúin traenála a eagrú sna scoileanna agus sna clubanna áitiúla, agus a chinntiú ag an am céanna go bhfuil clár cluichí ann a oireann d’imreoirí ag gach grád aoise ó Faoi.6 suas go dtí leibhéal na nDaoine Fásta. Tá cúrsaí, ceardlanna agus cáilíochtaí forbartha ag Cumann Lúthchleas Gael agus ag an gCumann Camógaíochta d’fhonn a chinntiú go mbíonn hoibrithe deonacha cáilithe mar chóitseálaithe agus mar mholtóirí.

Ina theannta sin, cuirtear na scileanna chun cinn trí chluichí a thaispeáint ar an teilifís. De ghnáth is cluichí idir imreoirí fásta ag a bhfuil an caighdeán is airde – idir fhir agus mhná – a bhíonn sna cluichí a fheictear ar an teilifís – ag leibhéal an Chlub nó leibhéal an Chontae. Meallann na cluichí seo na sluaite ar an lá chomh maith le lucht féachana teilifíse.

Agus iad ag feidhmiú mar chaomhnóirí na hIománaíochta, creideann Cumann Lúthchleas Gael agus an Cumann Camógaíochta gurb é an bealach is fearr chun inmharthanacht na hIománanaíochta a chinntiú ná a dhéanamh cinnte go n-imrítear í chomh forleathan agus is féidir. Tá infheistíocht shuntasach déanta ag na heagraíochtaí seo, faoi stiúir oibrithe deonacha, in acmhainní daonna agus i mbuiséad caipitil, lena chinntiú go dtugtar deis do gach páiste iománaíocht a imirt agus go bhfaigheann na hoibrithe deonacha ar fad uasoiliúint. Mar bhonn taca faoin oiliúint a chuirtear ar fáil do na hoibrithe deonacha tá na scileanna a bhaineann leis an iománaíocht a aithint, a chlárú, a chur chun cinn agus a fheabhsú. Le tamall anuas tá athnuachan agus athbheochan déanta ar an ionchuir foghlama a chuirtear ar fáil mar gur tugadh tairseach foghlama agus forbartha ar líne isteach – rud a chiallaíonn gur féidir le hoibrithe deonacha ó Bhaile Átha Cliath go Dubai rochtain a fháil ar cheardlanna, ar chúrsaí agus ar fhíseáin ar líne ag am ar bith.

Tá pobal na hIománanaíochta dúthrachtach freisin ó thaobh a chinntiú go dtugtar aitheantas don tábhacht atá leis an iománaíocht mar chuid d’oidhreacht chultúir dholáimhsithe na hÉireann. I measc na dtionscnamh go dtí seo tá olltiomsú staire, cuimhní iománaíochta, teistiméireachtaí béil, tionscadail for-rochtana sa phobal agus an léiriú ‘Iomáin, An Illustrated Heritage Guide to Hurling’. Cuireadh cuid mhaith de na tionscnaimh seo i dtoll a chéile le comóradh a dhéanamh ar dhátaí stairiúla e.g. Comóradh Céad Bliain ó bunaíodh CLG (1994). Ina theannta sin, taispeántar tionscnaimh agus taispeántais go leanúnach agus go rialta i Músaem tiomnaithe CLG i bPáirc an Chrócaigh, i mBaile Átha Cliath agus i Músaem Lár na Páirce i nDurlas chun an Iománaíocht a chosaint mar oidhreacht chultúir dholáimhsithe. Tá tuilleadh teistiméireachtaí ar stair na hiománanaíochta coinnithe i mbailiúcháin aonair, lena n-áirítear bailiúchán CLG Uí Cheallaigh i Leabharlann Chathair Luimnigh agus taispeántais de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Tá iarrachtaí leanúnacha déanta ag an Rialtas reatha agus iar-Rialtais in Éirinn leis an Iománaíocht a chosaint. Tá tagairt speisialta do ‘Chluichí Gaelacha’ curtha isteach ag an Stát sa churaclam Corpoideachais don Bhunscoil d’fhonn rannpháirtíocht fhorleathan san Iománaíocht a spreagadh. Ina theannta sin, le deich mbliana anuas, chuir Spórt Éireann, an Ghníomhaireacht Stáit um Spórt in Éirinn, maoiniú bliantúil ar fáil chun go bhféadfaí cóitseálaithe lánaimseartha a thabhairt isteach le cóitseáil a chur ar fáil sna scoileanna agus é mar aidhm acu cabhrú leis na hoibrithe deonacha agus iad a scilbhisiú. Cuireann Roinn Gnóthaí Eachtracha na hÉireann tacaíocht airgeadais ar fáil do thionscadail a bhíonn á reáchtáil ag Aonaid agus ag Clubanna go hidirnáisiúnta. Chomh maith leis sin cuireann an Stát tacaíocht ó thaobh maoiniú caipitil ar fáil chun go leor de na staideanna Iománaíochta atá againn sa tír a thógáil. Léiríonn na hiarrachtaí seo go léir go bhfuil Stát na hÉireann tiomanta chomh fada agus a bhaineann sé le cur leis an méid daoine a bhíonn páirteach san Iománaíocht agus tacú léi.

Maidir le háit na hiománaíochta in oidhreacht chultúir dholáimhsithe na hÉireann, reáchtáil comhlachtaí Stáit amhail Ard-Mhúsaem na hÉireann roinnt taispeántas ina raibh déantáin agus béaloideas a bhaineann leis an Iománaíocht e.g camán a dtugann an dátú radacarbóin a rinneadh air le fios go mbaineann sé leis an gcúigiú haois déag AD. I dtaispeántas in 2014 bhí an sliotar a bhíodh in úsáid roimh an gceann nua-aimseartha le feiceáil i.e. liathróidí iománaíochta fionnaidh. Sna portaigh a thángthas ar na liathróidí seo ar fad, atá déanta as fionnadh stothallach bó, clúdaithe le trilseáin ribe róin agus tá siad suas le 800 bliain d’aois. Thaispeáin Ard-Mhúsaem na hÉireann 14 liathróid den chineál seo.

Eagraíocht Teagmhála

Cumann CLG agus an Cumann Camógaíochta

Fardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.