Iascaireacht Eangaí

Láthair Aibhneacha na dTriúr Deirfiúracha (an Bhearú, an Fheoir agus an tSiúir)
Catagóirí Eolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an domhan
Ceardaíocht thraidisiúnta
Traidisiúin bhéil agus nathanna cainte, lena n-áirítear teanga
Eochairfhocail Sciob-iascach, bradáin, Aibhneacha na dTriúr Deirfiúracha
Eagraíocht Teagmhála Comhaontas Sciob-Iascairí na Bearú, na Feoire agus na Siúire

Achoimre ghearr

Tagann sciob-iascach do bhradáin ar chodanna taoide d’aibhneacha na Bearú, na Feoire agus na Siúire agus úsáid á baint as báid adhmaid ar a dtugtar coite agus as teicnící iascaireachta traidisiúnta anuas ón athair go dtí an mac leis na glúnta. Rinne cineál éadomhain na n-aibhneacha, na bruacha draoibeacha agus leapacha abhann chomh maith le sreafaí taoide láidre, éascú ar fhorbairt sciob-iascaigh mar mhodh uathúil le breith ar bhradáin, agus leis an gcultúr agus leis an mbéaloideas saibhir a bhain leis an modh, leis na hiascairí agus leis na háiteanna ina raibh siad ag iascaireacht.

Táthar i mbun sciob-iascach bradán ar aibhneacha na dTriúr Deirfiúracha (an Bhearú, an Fheoir agus an tSiúir) le breis is 1000 bliain. Níl aon réigiún eile sa tír ina ndéantar sciob-iascach agus níl aon mhodh iascaireachta eile cosúil leis, seachas b’fhéidir in inbhir taoide na Breataine Bige áit a mbaineann iascairí curacháin úsáid as teicnící traidisiúnta den chineál céanna, ach tá cineál na mbád difriúil (curach bheag atá i gceist leis an gcurachán atá éadrom agus cruinn agus atá clúdaithe le ceaileacó agus atá uiscedhíonach le péint bitumastic). Baineann iascairí na gcurachán ar nós iascairí na gcoití, úsáid as an bhfocal ‘piollaire’ a chiallaíonn craobh-abhainn ina gcuid ceantar féin faoi seach. (Bhronn an Coimisiún Eorpach stádas cosanta speisialta d’iascaireacht an bhric ghil nó ‘sewin’ agus úsáid á baint as curacháin thraidisiúnta ar aibhneacha na Breataine Bige Thiar i mí an Mhárta 2017).

Is iascaireacht shéasúrach atá i gceist le sciob-iascach, atá teoranta do mhíonna an tsamhraidh. Is ar bhonn páirtaimseartha amháin a dhéantar an cineál seo iascaireachta. Níl aon iascach eile sna haibhneacha níos mó. Bhíodh go leor de na hiascairí a raibh baint acu le sciob-iascach sna glúnta roimhe seo ag fágáil an réigiúin thoir theas nuair a bhíodh séasúr na mbradán críochnaithe chun dul ag iascach troisc amach ó chóstaí Thalamh an Éisc.

Faisnéis Chúlra

Tá an sciob-eangach 9-20 slat ar fad, ar rópa ar a bhfuil barr tanaí agus dhá chloch ar dhá thaobh na heangaí ar an rópa íochtar. Tá dhá sheit de rópaí leanta ar an dá thaobh ceangailte ar rópa uachtair agus ar rópa íochtar na heangaí. Déantar iascaireacht leis an eangach idir dhá bhád adhmaid ar a dtugtar coite, atá thart ar 16-18 troigh ar fad, 3-4 troigh ar leithead agus 16 orlaigh ar doimhneacht (ciallaíonn an focal coite, bád atá déanta as lomán nó bád scaobtha), agus tá úsáid an chineáil seo báid do chríocha ar bith teoranta d’aibhneacha na dTriúr Deirfiúracha. Tógálaithe oilte coite iad roinnt de na hiascairí a dhéanann na coití le linn mhíonna an gheimhridh agus úsáid á baint acu as adhmaid áitiúil (learóg nó dair de ghnáth). Ar dtús bhí dhá dheireadh cothrom ar na coití go léir ach tá a bhformhór feistithe le transam deiridh amháin d’inneall transaim, a úsáidtear chun bogadh chuig agus ó leapacha iascaireachta. Tá sé seo ar cheann den bheagán athruithe a rinneadh ar an trealamh atá in úsáid leis na céadta bliain, a rinne aistriú ó chriú de cheathrar fear in aghaidh dhá choite go criú beirt fhear ar roinnt aibhneacha.

Scartar an eangach idir an dá choite agus déanann fear amháin i gceachtar de na coití iascach i dtreo na taoide ag céaslóireacht le lámh amháin agus ag coinneáil na rópaí leis an lámh eile, a chinntíonn go bhfuil an eangach á coinneáil oscailte ar nós sparáin feadh ghrinneall na habhann (cruinnítear dhá cheann na heangaí ar chruth sparáin, a chinntíonn nach n-éalaíonn an t-iasc). Nuair a bhuaileann an t-iasc mogall san eangach, tarraingítear an rópa agus é ag iarraidh éalú, rud a mhothaíonn an t-iascaire. Tarraingítear na rópaí ar an bpointe boise chun an eangach a ‘dhúnadh sciobtha’ (tarraingítear cúpla slat den rópa ar dtús) agus tarraingítear an eangach agus an t-iasc isteach sa choite, áit a maraítear an t-iasc go tapa le smachtín. Nuair a bhaintear an t-iasc as an eangach, scartar an eangach arís chun breith ar thuilleadh éisc. . Bíonn an iascaireacht ar siúl feadh na leapacha traidisiúnta i ngach aon abhainn, le hainmneacha amhail Poll an Choinín, Poll na Cora, An Carraig Rua, Poll na mBac agus mar sin de, tá a bhformhór i nGaeilge, rud a léiríonn gur ainmníodh na leapacha seo nuair a bhí an Ghaeilge mar theanga labhartha sna limistéir ina bhfuil an iascaireacht ar siúl. Go ginearálta, bíonn na criúnna ag iascach síos an abhainn le taoide thrá agus ansin filleann siad ar ais suas an abhainn le taoide thuile feadh na leapacha difriúla, nó d’fhéadfadh siad dul ar ais suas an abhainn chun iascach a dhéanann sa ‘scráb’ céanna nó ‘imeacht le sruth’ arís. Áiríonn míreanna eile trealamh a úsáideann an t-iascaire, céasla chun an bád a choinneáil chun tosaigh ar an eangach agus an eangach a choinneáil oscailte, úsáidtear ‘stánadóir’ chun gluaiseacht na gcoití a mhoilliú nuair atá an eangach á tarraingt, rud a chinntíonn go bhfanann an eangach dúnta agus burlaire chun aon uisce a bhailíonn sa choite a fholmhú amach.

 

Cleachtadh agus cleachtóirí

Ní mór d’aon iascaire amháin ar a laghad ar chriú de bheirt iarratas a dhéanamh ar cheadúnas ar bhonn bliantúil agus ní féidir leo aon iascach a dhéanamh mura bhfuil ceadúnas bailí don sciob-iascach ina seilbh a eisíonn Iascaigh Intíre Éireann (IFI). Tá an séasúr iascaireachta éagsúil, ach le blianta beaga anuas tá sé teoranta do mhíonna an Mheithimh, Iúil agus Lúnasa. Ceadaítear iascaireacht ón 0600 maidin Dé Luain go dtí an 0600 maidin Dé Domhnaigh, a chinntíonn bealach sábháilte don iasc chuig fionnuisce ag amanna eile. Le blianta beaga anuas, ní mór an t-iasc go léir a thógtar a chlibeáil, agus tá an iascaireacht faoi réir ag cuóta. Nuair a bhíonn a chuóta beag tosaigh clibeanna úsáidte ag an iascaire, ní mór dó/di stopadh den iascaireacht agus iarratas a dhéanamh ar thuilleadh clibeanna. Ceanglaítear ar iascairí de réir dlí, logleabhar a líonadh leis na mionsonraí go léir a bhaineann le gach iasc agus leis na clibeanna a úsáidtear, nach mór a sheoladh chuig Iascaigh Intíre Éireann (IFI) roimh dheireadh an tséasúir. Cuireadh teorainn ag 132 le líon na gceadúnas a eisíodh don trí abhainn ach tar éis ceannach thar barr amach roinnt ceadúnais sa bhliain 2006, ní eisítear ach thart ar 70 ceadúnas anois, ach, de ghnáth, ní bhaintear úsáid ghníomhach as ach thart ar 50 acu sin. Faoi láthair tá sé d’acmhainn ag thart ar 100 fear bradáin a iascach ar na trí abhainn agus úsáid á baint as sciob-eangach, arbh ionann é agus obair lena mbaineann scil a éilíonn eolas ar an modh, ar an trealamh, ar an abhainn agus ar an mbradán ar mhaithe le toradh rathúil a fháil. Ní hionann é seo agus an tráth a raibh breis is 2,000 fear ag iascach ar an tSiúir féin ag casadh an naoú céad déag agus 1,700 fear ó Inis Tíog go Ros Mhic Thriúin i dtús an naoú céad déag.

Cuimsíonn Cumann Sciob-Iascaigh na Bearú, na Feoire agus na Siúire iascairí ó gach aon cheann de na trí abhainn, faoi mhaoirseacht ag Cathaoirleach, Rúnaí agus Coiste a thagann le chéile go rialta chun saincheisteanna a bhaineann leis an iascaireacht a phlé. Is féidir le gach sealbhóir ceadúnais dul isteach sa chumann agus freastal ar chruinnithe. Bíonn cruinnithe ag an gCumann le hoifigigh ó Iascaigh Intíre Éireann agus le polaiteoirí áitiúla agus náisiúnta chun aidhmeanna agus cuspóirí an Chumainn Sciob-Iascaigh agus a chomhaltaí a chur chun cinn. Tá comhaltaí an Chumainn rannpháirteach freisin sna fóraim a bhunaítear go dlíthiúil (na Boird Iascaigh Réigiúnacha, an Fóram Náisiúnta Iascaigh Intíre, Coimisiún Náisiúnta na mBradán srl.), áit a bpléitear agus a réitítear tuairimí agus údair imní a bhíonn ag iascairí de réir mar is gá.

Tá an Sciob-Iascach mar shnáth fuinniúil sna pobail áitiúla i gcúlchríoch na n-aibhneacha san áit a mbaintear úsáid as an modh seo, a rinne cothabháil ar na pobail seo le linn tréimhsí a bhí deacair agus saibhríonn sé agus cothaíonn spiorad pobail agus rannpháirtíocht idir na hiascairí, a dteaghlaigh agus na pobail áitiúla féin.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Cuireadh iallach ar Sheon Rí Shasana Cairt a eisiúint sa bhliain 1215 a aithnítear mar an Chairt Mhór, agus rinne Ríthe eile ina dhiaidh sin athdhearbhú ar an gCairt. Thug sé seo an deis do na gnáthdhaoine a gceart a fheidhmiú agus iascach a dhéanamh in uiscí taoide. Tá a fhios againn go raibh sciob-iascach á dhéanamh ar Aibhneacha na dTriúr Deirfiúracha ón am sin ar a laghad, agus roimhe sin is dóigh, ach faoi cheadúnas óna húinéirí eastát áitiúla. Mar sin is cineál ársa iascaireachta atá sa Sciob-Iascach do bhradáin agus is beag athrú atá tagtha air leis na céadta bliain. Chomh maith leis sin, tagann na teicnící atá á n-úsáid anuas ón athair go dtí an mac, de ghnáth, agus tá an modh á cleachtadh ag glúin i ndiaidh glúine de theaghlaigh, le os cionn 350 bliain i roinnt cásanna atá ar eolas.

Tá aibhneacha na dTriúr Deirfiúracha (an Bhearú, an Fheoir agus an tSiúir) in oirdheisceart na hÉireann, suas go dtí seo ina n-aibhneacha bríomhara agus gníomhacha, le pobal iascairí atá rannpháirteach san iascaireacht ní díreach do bhradáin amháin, ach d’eascanna freisin, agus tá dúshaothrú déanta ag go leor acu freisin ar gach aon abhainn chun giolcach a bhaint le tuí a chur ar thithe feadh bhruach na habhann agus ar thithe ceann tuí sna pobail áitiúla as a dtagann na hiascairí. Rinne taoidí trá agus tuile, an ghaoth agus an aimsir agus saolré an bhradáin saol na n-iascairí, a dteaghlaigh agus na pobail inar mhair siad a stiúradh.

Is modh neamhéifeachtúil le breith ar bhradáin atá sa Sciob-Iascach agus de ghnáth ní bheirtear ach ar aon bhradán amháin ag an am. Baineann ráta dúshaothraithe thar a bheith íseal le sciob-iascach; fiú le linn blianta torthúla na 1970idí, níor tógadh leis an sciob-iascach de ghnáth a céatadán an-bheag stoic ón abhainn. Tá Sciob-Iascach ag brath go mór ar an aimsir agus athraíonn rathúlacht an mhodha le coinníollacha taoide, mar sin, tá iascaireacht bradán agus úsáid á baint as an modh seo féin-teorantach. Is iascaireacht aon-stoic atá i gceist leis mar nach ndéantar dúshaothrú ach ar an stoc atá laistigh den abhainn ina gcleachtar an modh. Is cineál inbhuanaithe iascaireachta bradán atá ann atá éasca le bainistiú, le monatóireacht a dhéanamh air agus lena rialú. Chomh maith leis sin, cuireann sé bealaí úsáideacha monatóireachta ar fáil maidir le himirce na mbradán i ngach aon abhainn ar fáil gach aon bhliain agus gan aon tionchar suntasach aige ar an stoc.

Tá an modh maidir le sciob-iascach mínithe go paiteanta sa leabhar leis an Ollamh Nöel Wilkins ó UCG, dar teideal Men, Tides and Salmon, Snap-netting on the Barrow, Nore and Suir, a d’fhoilsigh Bord Iascaigh Réigiúnach an Deiscirt sa bhliain 1998. Tá cur síos déanta freisin ar Choití Abhann an Oirdheiscirt in Traditional Boats of Ireland, History Folklore and Construction, atá curtha in eagar ag Críostóir Mac Cárthaigh agus a d’fhoilsigh Collins Press sa bhliain 2008.

Mar gheall ar an meath a bhí ag teacht ar bhradáin ar bhonn náisiúnta, is dóigh nach raibh an oiread sin bradáin ag teacht slán ar farraige mar gheall ar athrú aeráide, ní raibh aon sciob-iascach ar aibhneacha na dTriúr Deirfiúracha ón mbliain 2014 mar nár bhain ceachtar de na trí abhainn a dTeorainneacha Caomhnaithe amach, mar atá leagtha síos ag na heolaithe iascaireachta. Dá bhrí sin, níl aon fhuílleach ann do dhúshaothrú faoi láthair (is 36,249 iasc na Teorainneacha Caomhnaithe d’aibhneacha na dTriúr Deirfiúracha le chéile: an Bhearú –11,737, an Fheoir –10,464, an tSiúir –14,048; ní cheadaítear dúshaothrú bradán ach amháin nuair a sháraíonn an stoc na Teorainneacha Caomhnaithe do na haibhneacha).

11/04/2019 An Sciob-Iascaire Peter Walsh atá lonnaithe sa Charraigín, Contae Chill Chainnigh. Grianghraif: Patrick Browne

Eagraíocht Teagmhála

Comhaontas Sciob-Iascairí na Bearú, na Feoire agus na Siúire

Fardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.