| Áit: | Ar fud oileán na hÉireann agus i bpobail Éireannacha ar fud an domhain |
|---|---|
| Catagóirí: | Cleachtais shóisialta, deasghnátha agus imeachtaí féiltiúla Ceardaíocht thraidisiúnta |
| Keywords | St. Brigid, cross, February, faith, spirituality, rushes |
| Contact organisation | Solas Bhríde |
Achoimre Ghearr
Déantar Crosa Bríde, leagan den chros thraidisiúnta Chríostaí a bhaineann leis an naomh Críostaí Éireannach Bríd Chill Dara (c. 451 – 525 AD), a fhí as luachra ar an 1 Feabhra gach bliain. Seachas fí na gcros féin, is iomaí deasghnátha a bhaineann le bailiú luachra (a deirtear gurb é an t-ábhar a d’úsáid Naomh Bríd chun an chros a fhí) a athraíonn ó cheantar go ceantar. Sa lá atá inniu ann, cosúil le seamróga nó béaloideas, feictear cros Bhríde mar shiombail d’Éirinn.

Cúlra:
Tá traidisiún fite chrosa Bhríde bunaithe ar fhinscéal faoin gcaoi ar thiontaigh Naomh Bríd taoiseach a bhí ag fáil bháis. Chun an creideamh Críostaí nua a mhíniú dó, rinne sí cros as luachra a bhí ar fáil san áit.
Téann an traidisiún scríofa siar go dtí na meánaoiseanna ach téann na traidisiúin béil siar go finscéal san 5ú haois ar a laghad ina ndeirtear gur fhigh Naomh Bríd cros as luachra. Bheannaítí na crosa agus chrochtaí iad os cionn doirse agus fuinneoga an tí, na cróite, agus na stáblaí, chun an teaghlach agus na hainmhithe go léir a chosaint – cosaint in aghaidh dóiteáin, stoirmeacha, tintrí agus tinnis.
Ó Loch Garman go Dún na nGall, bhailítí luachra go traidisiúnta ar an Oíche roimh Lá Fhéile Bríde, an 31 Eanáir. Dhéantaí é seo roimh an dorchadas, bhailítí na luachra agus thugtaí isteach iad, uaireanta dhéantaí searmanas leis an leanbh ab óige sa teach nó deirtí paidir. Nuair a bhí sé sin déanta, chruinníodh an teaghlach agus uaireanta comharsana agus dhéantaí na crosa seo.
I leagan eile den nós seo, bhailíodh ball den teaghlach, an t-athair, de ghnáth, luachra agus d’fhágadh sé iad ag an doras ar Oíche Fhéile Bríde. Ag titim na hoíche théadh duine den teaghlach amach agus ghlaodh sé/sí ar na daoine sa teach chun Bríd a ligean isteach. Chuiridís go léir fáilte roimpi agus iad ar a nglúin agus dhéantaí é seo arís 3 huaire. Dhéanadh an teaghlach crosa as luachra ansin agus an lá dár gcionn chuirtí uisce naofa orthu.
Ba é an béile traidisiúnta sula ndéantaí na crosa ná suipéar prátaí agus im úr. Go minic, dhéantaí cál ceannann trí chabáiste mionghearrtha a chur leis, ansin cácaí úill nó bairín breac le tae. D’itheadh an teaghlach an béile seo le chéile agus dhéanaidís a gcrosa Bríde.
D’fhágtaí na crosa seo amuigh ansin ar leac an dorais nó ar leac na fuinneoige, de réir creidimh gur bheannaíodh Bríd iad agus í ag dul thart i rith na hoíche.
Cleachtadh agus Cleachtóirí:
Cuireadh an traidisiún ar aghaidh ó ghlúin go glúin in go leor teaghlach. Déanann scoileanna ar fud na tíre crosa, go háirithe iad siúd a bhfuil baint acu le Naomh Bríd nó atá tiomnaithe di agus díolann go leor acu iad chun críocha carthanachta. Tá an-éileamh ar na crosa seo laistigh dá bpobail.
Déanann go leor daoine a fhreastalaíonn ar ionaid phobail agus grúpaí scoir na crosa. Déanann lucht paróistí crosa Bríde a chuireann eaglaisí ar fáil don chomhthionól ar an 1 Feabhra. Reáchtálann leabharlanna ar fud na tíre ceardlanna faoi conas crosa a dhéanamh.
Le breis agus 30 bliain anuas, reáchtáiltear Feile Bhríde i mBaile Chill Dara sa chéad seachtain de mhí Feabhra. Is cuid lárnach den fhéile í fí na croise agus freastalaíonn beagnach 200 duine, Éireannaigh agus náisiúntachtaí eile ar na ceardlanna a reáchtáiltear ar Lá Fhéile Bríde.
Sa lá atá inniu ann, le méadú ar an spéis i Lá Féile Bríde, sa naomh agus sa bhandia araon, tháinig méadú ar an dúil atá ann foghlaim conas cros a fhí. In 2024 déantar comóradh ar 1500 bliain ó fuair Naomh Bríd bás agus mhéadaigh sé seo spéis sa traidisiún in Éirinn agus thar lear.
Tá éagsúlachtaí ar an gcros i gceantair éagsúla den tír m.sh. crosa luachra trí ghéag, crosa tuí srl. Pléann Seán Ó Duinn OSB ina leabhar ‘Where Three Streams Meet, Celtic Spirituality’ agus an Dr Noel Kissane ina leabhar ‘Saint Brigid of Kildare, Life, Legend and Cult’ na difríochtaí tíreolaíocha ó thaobh stíle ón gcros trí ghéag atá i réim sa tuaisceart, dearadh triscéile/na Tríonóide, dearadh fite/rádalaithe le dhá luachair dhéag ón iarthar go dtí an chros ceithre ghéag choitianta.
Forbairt, cur ar aghaidh agus cosaint:
Sa lá atá inniu ann, tá borradh mór faoi níos mó eolais a fháil faoi Naomh Bríd, bean na linne is ea í. Scaip cultas Bríde agus an spéis sa bhéaloideas agus sna traidisiúin a bhaineann léi ar fud an domhain. Díreach mar a thug manaigh luatha Éireannacha scéalta faoi Bhríd agus faoi Chill Dara go háiteanna i bhfad i gcéin, sa lá atá inniu ann tá méadú tagtha ar an spéis sa naomh mar gheall ar an teicneolaíocht nua-aimseartha. Ní ó thaobh an chreidimh amháin a tháinig tóir ar an bhfoghlaim conas cros Bhríde a fhí, tá an béaloideas a bhaineann leis seo tar éis suim a mhúscailt ó gach creideamh agus daoine gan creideamh.
In Éirinn cuimsíonn curaclam na bunscoile Naomh Bríd agus Naomh Pádraig agus bíonn taispeántais phraiticiúla ag go leor scoileanna ar fud na tíre ar conas cros Bhríde a fhí. Tugann roinnt scoileanna cuireadh do bhaill níos sine den phobal teacht le léiriú praiticiúil a thabhairt.
Tá ról tábhachtach ag an nglúin óg chun an cleachtas a thaispeáint agus a chosaint. Mar shampla, in 2019 bhí sé de phribhléid ag beirt dhaltaí ó Bhunscoil Naomh Bríd, Cill Dara cuairt a thabhairt ar Áras an Uachtaráin áit ar léirigh siad conas cros a dhéanamh agus ansin bhronn siad a gcrosa ar an Uachtarán Ó hUigínn agus a bhean chéile. Ghlac leanaí páirt freisin in agallaimh le craoltóir náisiúnta na hÉireann RTÉ agus thug siad léargas nua-aimseartha ar chros Bhríde trí úsáid a bhaint as ábhair agus cruthanna simplí. In 2023 rinne daltaí ó Phobalscoil Bhaile Chill Dara agus ó bhunscoileanna áitiúla cros dhaonna Bhríde ina bpáirc spóirt. Rinneadh tuilleadh forbartha air seo in 2024 nuair a rinne beagnach 4000 mac léinn ó Chill Dara cros dhaonna Bhríde ar mhachairí an Churraigh.
Cuireann eagraíochtaí ar nós Solas Bhríde fáilte roimh chuairteoirí agus oilithrigh ó gach cearn den domhan, iad go léir ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoi Naomh Bríd. Ar an 21 Meán Fómhair 2013, leag Solas Bhríde agus baile Chill Dara taifead Guinness World amach don líon is mó daoine ag déanamh crosa Bríde san áit chéanna ag an am céanna. Ar dháta na hinscríbhinne i mí Iúil 2024 tá an taifead seo fós ann.
Thaispeáin cleachtóirí an cleachtas agus nósanna bainteacha trí ardáin meáin nuachta lena n-áirítear ar chlár Nationwide RTÉ agus freisin trí chlár dar teideal ‘Finding Brigid’ a léiriú.
Chruthaigh cleachtóirí go leor ranganna teagaisc atá ar fáil ar líne a thaispeánann fí chros Bhríde ina foirmeacha éagsúla agus foilseacháin ar an traidisiún ar nós ‘The Book of St. Brigid’ le Colm Keane & Una O’Hagan a insíonn cuid den bhéaloideas a bhaineann le bailiú luachra agus fí chrosa Bríde ar an oíche roimh Lá Fhéile Bríde.
Eagraíochtaí Teagmhála: Solas Bhríde Centre