Feirmeoireacht Thraidisiúnta Caorach agus Oiliúint Caorach

Téann an cleachtas maidir le hinnilt caorach ar thaobh cnoic siar glúnta mar a théann an cleachtas feirmeoireachta úsáid a bhaint as madraí chun na caoirigh a sheoladh agus oibriú leo.

Faisnéis Chúlra

Déanann caoirigh a bhíonn ag innilt cothabháil ar an tírdhreach ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh na timpeallachta de, a thugann an deis le bainistíocht chuí a dhéanamh ar fhásra, ionas gur féidir leis an gcéad ghlúin eile an talamh a úsáid agus a fhágáil le hoidhreacht, mar a fágadh le hoidhreacht againn féin é.

Tá cóilí teorann mar phóir a bhfuil an-tóir orthu mar mhadra caorach, á traenáiltear chun oibriú leis an bhfeirmeoir agus leis na caoirigh a sheoladh.

Cleachtadh agus cleachtóirí

Is cleachtóir feirmeoireachta caorach traidisiúnta agus fear a bhíonn ag oibriú le madraí caorach mór le rá é an tUasal Donal Anderson.

Tá sé rannpháirteach in imeachtaí madraí caorach mar mholtóir agus mar iomaitheoir araon, agus is minic leis taispeántas a thabhairt do scoileanna maidir leis na scileanna traidisiúnta seo.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Bíonn taispeántais agus trialacha madraí caorach ar siúl go minic ar fud na tíre ag imeachtaí agus ag féilte oidhreachta ar nós an Chomórtais Náisiúnta Treabhdóireachta.

Go traidisiúnta tagann an scil ó thaobh oibriú le madraí caorach anuas trína teaghlaigh feirmeoireachta, mar is amhlaidh do thraenáil madraí chun oibriú mar mhadraí caorach.

Is le caoinchead Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas an físeán

 

Eagraíocht Teagmhála

An tUasal Donal ‘Donie’ Anderson

Láthair Ar fud na hÉireann
Catagóirí Eolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an domhan
Eochairfhocail Feirmeoireacht, ainmhithe, madraí, caoirigh
Eagraíocht Teagmhála An tUasal Donal ‘Donie’ Anderson
Fardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.