Ealaín agus Cleachtas Seabhcóireachta

Láthair Ar fud Oileán na hÉireann<
Catagóirí Eolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an domhan
Muirí, báid, loingseoireacht
Ceardaíocht thraidisiúnta
Na Taibhealaíona
Eochairfhocail Ainmhithe, éin, éiceolaíocht
Eagraíocht Teagmhála Club Seabhcóireachta na hÉireann

Bhí an oiread sin dúspéise ag daoine sna héin chreiche riamh anall gur theastaigh uathu, am éigin na cianta cairbreacha ó shin, caidreamh a dhéanamh leis na héin seo agus a bheith páirteach ina saol. D’fhorbair an caidreamh casta seo in imeacht na mblianta de réir mar a bhí eolas á sheachadadh ó ghlúin go glúin agus tuiscint níos fearr á fáil ar na héin chreiche. Sa lá atá inniu ann tugtar ealaín agus cleachtas na seabhcóireachta ar an gcomhpháirtíocht seo a théann siar ar laghad 5,000 bliain.

I dtús ama bealach ab ea an tseabhcóireacht chun bia a fháil, ach tá forbairt tagtha uirthi le himeacht ama ionas go mbaineann sí anois le caomhnú an dúlra, leis an oidhreacht chultúrtha agus leis an rannpháirtíocht shóisialta laistigh de phobail agus i measc na bpobal.

Faisnéis chúlra

Tá traidisiún fada bríomhar ag baint leis an spóirt allamuigh agus leis an gceangal atá againn le hainmhithe in Éirinn. Is féidir a lorg seo a fháil i mbéaloideas na hÉireann chomh fada siar le Fionn Mac Cumhaill agus na scéalta Fiannaíochta chomh maith le scéalta ar leith ar nós ‘Seabhac Acla’. Ní haon eisceacht é cleachtas na seabhcóireachta a mhair agus a raibh tionchar aige ar bhonn leanúnach, seans maith ón Tréimhse Mhéisiliteach (aimsíodh iarsmaí seandálaíochta d’éin chreiche ag láithreacha éagsúla ar fud an oileáin). Tá cartlann leathan againn in Éirinn de thagairtí stairiúla don tseabhcóireacht in Éirinn. Ina measc seo tá ailtireacht (ar nós an freascó de thriúr ríthe agus seabhaic acu i Mainistir Chnoc Muaidhe, Co. na Gaillimhe, ón mbliain 1400), filíocht (amhail an dán le J. Derricke, 1581 ina ndéantar cur síos ar éin chreiche de chuid na hÉireann a bhí á n-úsáid le haghaidh seabhcóireachta), saothair ealaíne (pictiúir, snoíodóireacht, fuinneoga gloine dhaite, taipéisí) agus fiú an maorlathas (d’aithin léarscáileanna Chromail suíomhanna ina raibh neadacha ag seabhaic.D’úsáideadh tionóntaí seabhaic óga in ionad an chíosa, agus bhí an ghníomhaíocht féin chomh coitianta sin faoin mbliain 1641 gurbh éigean í a chosc i bhfoisceacht seacht míle de Bhaile Átha Cliath, etc.).

Gníomhaíocht thraidisiúnta atá inti ina n-úsáidtear éin chreiche a bhíonn traenáilte le creach a aimsiú ina riocht nádúrtha agus ina gnáthóg nádúrtha. De bharr go bhfuil speicis ar leith d’éin creiche tagtha chun cinn thar na mílte bliain chun nideog ar leith a líonadh ó thaobh gnáthóg agus éiceachóras de, oireann siad do stíleanna seabhcóireachta áirithe agus do chreacha áirithe (.i.e an spiaróg más ceantar tuaithe timpeallaithe atá i gceist, fabhcún más móinteach oscailte atá ann). Dá bhrí sin, faigheann an seabhcóir tuiscint ar leith agus uathúil ar a n-áit sa domhan nádúrtha agus dá bharr seo deirtear faoin seabhcóireacht gur sainréimse ar leith den éanbhreathnú atá ann. Agus iad ag cloí le traidisiúin agus prionsabail eiticiúla dá gcuid féin, tagann na seabhcóirí ar na héin chreiche, faoi cheadúnas ón bhfiántas nó trí ghnó a dhéanamh le gnólachtaí a dhéanann porúchán i ngéibheann agus atá rialaithe go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Ina dhiaidh bíonn na héin seo páirteach i bpróiseas ar a dtugtar “manning” ionas go rachaidh siad i dtaithí ar dhaoine agus go gcothófar dílseacht agus muinín a mhairfidh ar feadh a saoil. Cé go bhféadfadh difríochtaí a bheith ann ó thaobh na speicis éin chreiche chomh maith leis an trealamh a bhíonn in úsáid, mar sin féin bíonn na modhanna oiliúna cosúil le chéile.

Tá go leor daoine den tuairim go gcothaíonn an tseabhcóireacht nasc leis an am a caitheadh, go háirithe sna pobail sin nach mbíonn mórán baint acu a thuilleadh leis an timpeallacht nádúrtha ná lena gcultúr traidisiúnta. Déantar eolas agus scileanna a thabhairt ó ghlúin go glúin laistigh de theaghlaigh, nó trí mheantóireacht, printíseacht nó oiliúint fhoirmiúil i gclubanna agus i scoileanna.

Chomh maith leis an bhfoghlaim, an scil agus an fhoighne a theastaíonn, tá cur chuige ildisciplíneach i gceist leis an tseabhcóireacht agus teastaíonn inniúlacht i réimsí éagsúla amail ceardaíocht leathair, siúinéireacht, lorgaireacht, duaithniú agus leigheas éanúil. D’fhorbair an troscán agus an trealamh a bhíonn in úsáid don tseabhcóireacht thar na mílte bliain sa chaoi is go bhfuil lear mór stíleanna agus faisin i gceist sna cultúir éagsúla ar fud an domhain. Is ealaín seachas spórt í an tseabhcóireacht – ní bhíonn iomaíocht i gceist, teastaíonn teagasc duine le duine chun na tréithe caolchúiseacha a bhaineann léi a fhoghlaim agus ní féidir í a chleachtadh go dtí go mbaintear leibhéal inniúlachta amach faoi stiúir theagascóra níos sine a bhfuil taithí aige.

Bíonn imeachtaí allamuigh, aontaí agus féilte ar siúl gach bliain sa bhaile agus thar lear a thugann deis don phobal eolas a roinnt, feasacht a ardú agus an ilchineálacht a chur chun cinn.

Cleachtadh agus cleachtóirí

Tá cleachtas na seabhcóireachta sa lá atá ann mórán mar a bhí sé riamh anall. Níor tháinig aon athrú ar na bunghnéithe a chothaíonn dlúth-chaidreamh idir an duine agus an t-éan creiche. Le go n-éireoidh go maith leis an gcomhpháirtíocht seo, caithfidh an seabhcóir freastal ar réimse leathan riachtanas chun aire a thabhairt do riachtanais sláinte, aclaíochta agus géiniteacha an éin chreiche.

Tá fáil ar réimse leathan téacsanna clasaiceacha, a bhfuil ardmholadh faighte acu, ina leagtar amach na coinníollacha agus na teicnící a chuideoidh leis an gcomhpháirtíocht a bheith rathúil. Ciallaíonn sé seo gur féidir le seabhcóirí an lae inniu foghlaim ón oidhreacht shaibhir d’eolas domhain atá tagtha anuas chugainn ón am a caitheadh. Ina measc seo tá leabhair le húdair Éireannacha a bhfuil cáil dhomhanda orthu.

Braitheann an cineál seabhcóireachta a bhíonn ar bun agus na héin a chuirtear ag eitilt ar an tírdhreach agus ar an gcreach atá ar fáil. Tá éagsúlacht ag baint le ceantair thuaithe na hÉireann agus feileann na bratphortaigh agus na portaigh ardaithe thar barr don fhabhcún. Ar an mbealach céanna, oireann na coillearnacha, na scrobarnaí agus na hárdtailte féarach atá againn don seabhac. Sa 12ú hAois, scríobh Giraldus Cambrensis, cléireach Angla-Normannach a tháinig ar cuairt: “Thar aon tír eile, tá an seabhac, an fabhcún agus an spioróg flúirseach sa tír seo … is iad is fearr is fearr atá in ann breith ar a gcreach agus é seo ar fad ar mhaithe le siamsaíocht a chur ar fáil do na huaisle”.

Ó thréimhse na Meánaoise suas go dtí tús na 1900idí, b’iad na teaghlaigh ríoga agus na huaisle amháin a bhíodh i mbun seabhcóireachta, mar shampla, tá go leor tagairtí sa stair maidir le seabhcóirí ón uasalaicme a bheith ag seabhcóireacht i bPáirc an Fhionnuisce agus ar Churrach Chill Dara. Sa lá atá inniu ann, áfach, tá seabhcóirí againn atá ionadaíoch ar chúlraí, ar chultúir agus ar ghairmeacha éagsúla, ach go bhfuil an grá dá n-ealaín i bpáirt acu. Is éard a nascann le chéile iad ná an dúil mhór atá acu sa dúlra agus an gréasán casta a bhaineann leis an snáithe.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Is ealaín bheo, bheathach í an tseabhcóireacht atá ag athrú go leanúnach, cé go bhfuil an bhun-eitic lárnach i gcónaí. Ní táirge é cleachtas na seabhcóireachta a d’fhéadfá a dhíol; is amhlaidh go gcaithfidh aon duine atá ag iarraidh a bheith ina chleachtóir ceann scríbe a bhaint amach le fonn agus le díograis. Nuair a tharlaíonn sé seo, tá sé tábhachtach go mbeadh córas tacaíochta i bhfeidhm.

Sa lá atá inniu ann, tá go leor cineálacha tacaíochta ar fáil, lena n-áirítear na meáin shóisialta chomhaimseartha dála láithreáin ghréasáin, fóraim, comhfhreagras ríomhphoist, Facebook agus Twitter. Chomh maith leis an gcumarsáid nua-aimseartha, bíonn ról lárnach i ndialann an tseabhcóra gach aon bhliain ag na córais ionadaíochta agus tacaíochta a bhí ann go traidisiúnta, ar nós aontaí agus féilte.

Is iad na Clubanna Náisiúnta Seabhcóireachta an dream is mó a chuireann an tseabhcóireacht chun cinn, a thacaíonn léi agus a dhéanann ionadaíocht uirthi. Leag Club Seabhcóireachta na hÉireann béim riamh anall ar a bheith ina mhol a d’fháilteodh roimh dhaoine a tháinig ar an tSeabhcóireacht, a chuir suim inti agus ar mhaith leo tabhairt fúithi. I dtús báire cuirtear an tosaitheoir i dteagmháil le seabhcóir ina cheantar féin a bhfuil ceadúnas aige.

Cé go bhfuil traidisiún fada saibhir ag baint leis an tseabhcóireacht sa litríocht agus é ag dul siar go dtí na meánaoiseanna, foghlaimítear an cheird go príomha ó dhaoine eile mar gheall ar na disciplíní éagsúla atá i gceist. Is gá an cháiréiseacht agus an fhineáltacht atá ag baint leis na créatúir neamh-cheansaithe seo a thraenáil a léiriú go cúramach agus go foighneach agus meas á léiriú ar leas an éin. Mar gheall air seo, ní hamháin go bhfoghlaimíonn na seabhcóirí an cheird ar an gcéad dul síos ó sheabhcóirí eile, ach go hiondúil, blianta ina dhiaidh sin, glacann siad le printíseach dá gcuid féin.

Bíonn ionadaíocht ag Club Seabhcóireachta na hÉireann ag an bpríomhimeacht a bhíonn ar siúl in Éirinn gach bliain agus ag na haontaí faoin tuath, ó thuaidh agus ó dheas den teorainn, agus an Club ag tabhairt tacaíochta do na seabhcóirí atá ag tosú amach agus dóibh siúd a bhfuil taithí acu, araon. Freastalaíonn Club Seabhcóireachta na hÉireann ar imeachtaí idirnáisiúnta freisin amhail Aonach Bliantúil Seabhcóireachta na Breataine, ceann de na tionóil is mó ar domhan le haghaidh seabhcóirí, chomh maith le Féile Idirnáisiúnta na Seabhcóireachta in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. I mí na Nollag 2017, ba é an téama oifigiúil ná “An Óige”. Tá an t-imeacht seo, a reáchtáiltear gach trí bliana, ríthábhachtach chun an ghné a chur ar aghaidh de réir na n-idéal atá Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe UNESCO.

Ar an 16 Samhain gach bliain déantar Lá Domhanda na Seabhcóireachta a cheiliúradh. Ar Lá Domhanda na Seabhcóireachta 2014, cuireadh taispeántas buan seabhcóireachta i Músaem Flaidireachta agus Foghlaeireachta na hÉireann in Áth Tanaí, Co. Laoise. Tá míreanna stairiúla agus míreanna comhaimseartha ann chomh maith le saothair ealaíne a bhaineann leis an seabhcóireacht.

Eagraíocht Teagmhála

Club Seabhcóireachta na hÉireann

Eagraíocht Teagmhála

Cumann Idirnáisiúnta na Seabhcóireachta agus Caomhnú na n-Éan Creiche

Fardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.