Baile Átha Cliath agus Iarthar na hÉireann; go stairiúil ar fud na tíre
Catagóirí
Ceardaíocht thraidisiúnta
Eochairfhocail
Ceardaíocht, Cultúr an Lucht Siúil
Eagraíocht Teagmhála
Ionad Pavee an Lucht Siúil agus an Phobail Roma
Cuimsíonn stánadóireacht an Lucht Siúil scil ar leith atá máistrithe ag an Lucht Siúil chun uirlisí a dhéanamh as stán. Is fíorbheagán sádráil a theastaíonn sa cheird agus tugtar faoi go príomha agus úsáid á baint as inneonacha beaga agus as casúiríní agus as seamanna. Cuirtear cruth ar an stán trína lúbadh agus a thapáil, a bhualadh, a rolladh agus a sheamú. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil an cheird ceangailte le haon áit ar leith agus chuidigh sé sin go mór le rathúlacht na ceirde.
Tosaíonn stánadóir an Lucht Siúil, nó an ‘tincéir’ mar a thugtaí ar an Lucht Siúil roimhe seo, amach le síte bunúsach stáin, ag gearradh, ag déanamh cruthanna agus ag bualadh an stáin chun gnáth-uirlisí a dhéanamh a bhíodh á n-úsáid ag an bpobal i gcoitinne suas go dtí na 1960idí.
Ar an bpríomhchatagóir uirlise tá, coimeádán, agus áirítear leo seo ó chupáin nó ‘ponger’, go potaí éagsúla amhail sáspain, crúiscíní do chríocha éagsúla – do dhaoine le hól astu, d’ainmhithe le hól agus ithe astu agus chun leacht agus breosla a iompar.
Ar mhíreanna eile a dhéantaí, bhí lampaí agus coinnleoirí agus bréagáin amhail feadóg do leanaí. Rinneadh uirlisí ceoil freisin ón stán, ar nós, feadóg stáin – uirlis thábhachtach i gceol traidisiúnta na hÉireann – agus an fhidil stáin nó an veidhlín a bhí freagrach as rath na fidléireachta i gcodanna den tír sula raibh daoine in acmhainn fidil adhmaid a cheannach. Bhí ceoltóir cáiliúil de chuid an Lucht Siúil, Johnny Doherty as Dún na nGall, mar shampla amháin de stánadóir agus de cheoltóir.
Maisítear an cheird a théann ó mhaisiú simplí go maisiú ornáideach agus déantar é sin de ghnáth trí eangaí a bhualadh isteach sa stán.
Bhí an stánadóireacht mar dheis thábhachtach don Lucht Siúil le slí mhaireachtála measartha a bhaint amach agus is minic a bhabhtáiltí na huirlisí stáin le haghaidh bia agus ní bhíodh aon airgead i gceist.
Tá foclóir in éineacht leis an gceird féin atá bunaithe thart ar uirlisí agus ar ghnéithe den cheird a bhí á forbairt. Bhí roinnt d’uirlisí na ceirde uathúil don stánadóireacht amhail, sáiteán, ceap tua, scuitseálaí agus cipíní marcála. Bhí ainmneacha faoi leith ar chéimeanna difriúla de dhéanamh na huirlise, amhail seamanna agus slíobadh.
Bhí an cheird fhíorthábhachtach ó thaobh caidreamh maith idir an Lucht Siúil agus an pobal i gcoitinne agus chun tairseach a aimsiú trína bhféadfaí cumarsáid a dhéanamh. Tá sin amhlaidh inniu féin, cé nach bhfuil sé chomh láidir céanna, de réir mar a bhíonn daoine ag malartú cuimhní agus eolas maidir le ceird na stánadóireachta.
Tháinig scil na stánadóireachta anuas ón athair go dtí an mac agus tagann roinnt de stánadóirí an lae inniu ó shliocht fada ‘tincéirí’.
Is líon beag de stánadóirí an Lucht Siúil atá i mbun na ceirde anois. Leanann siad le potaí agus coimeádáin traidisiúnta a dhéanamh chomh maith le míreanna nua-aimseartha ar nós scáthláin lampaí agus buicéid ghuail.
Is fir de chuid an Lucht Siúl atá sna seascaidí nó níos sine na príomhchleachtóirí. Níl mórán daoine óga ag tabhairt faoin gceird mar cé go bhféadfadh an stánadóireacht cur le hioncam, ní féidir ioncam leordhóthanach a bhaint as le clann a thógáil.
Níl aon difríocht gheografach i gceist maidir leis an gcleachtas, is mó de stíl áirithe atá ann a d’fhéadfadh stánadóir aonair a fhorbairt. Is fearr le roinnt stánadóirí míreanna áirithe a dhéanamh agus is fearr le roinnt eile míreanna a mhaisiú ar bhealach ar leith. Mar shampla, déanann stánadóir amháin cupáin do leanaí agus déanann stánadóir eile buicéid.
Tá éileamh ar scileanna stánadóireachta i gcónaí maidir le stáblaíocht capall agus bhí stánadóirí bainteach le gairid le cosaint a dhéanamh do dhoirse stábla as stán. Tá an miotal sách crua leis an doras a chosaint agus bog go leor a chiallaíonn nach ndéanfar aon dochar don chapall má thugann sé cic don doras.
Leanann na stánadóirí lena gceird a tháirgeadh agus a dhíol ar an mbealach traidisiúnta – ag aontaí i gcodanna difriúla den tír – agus tá éileamh agus meas ar na táirgí.
Déantar an stánadóireacht a chleachtadh san áit chéanna ina bhfuil an stánadóir ina chónaí agus níl aon saoráidí speisialta riachtanach.
Go traidisiúnta tagann ceird na stánadóireachta anuas ón athair go dtí an mac. Tá an líne scaipthe seo briste anois, áfach. Ní mheastar stánadóireacht a bheith inmharthana ó thaobh airgid de níos mó agus tá an Lucht Siúil atá níos óige ag lorg bealaí eile le hioncam a chruthú. Le teacht plaisteach agus le holltáirgeadh uirlisí níl an scil riachtanach níos mó.
Tá srianta curtha ag easpa measa ar chultúr agus ar chéannacht an Lucht Siúil ar scaipeadh rathúil na ceirde ó ghlúin amháin go dtí an chéad ghlúin eile. Is anois, go háirithe leis an bhforbairt atá déanta ar eagraíochtaí an Lucht Siúil le 30 bliain anuas, atá níos mó measa ar na scileanna agus tá siad á gcur chun cinn.
Cuireann eagraíochtaí an Lucht Siúil ar fud na tíre stánadóireacht ar siúl ar laethanta féilte nó ar laethanta a bhfuiltear ag déanamh ceiliúradh ar chultúr an Lucht Siúil. Tugtar cuireadh do na stánadóirí freastal ar na hócáidí seo chun a gcuid saothar a thaispeáint. Bíonn an-tóir ar na táirgí.
Reáchtálann roinnt eagraíochtaí Lucht Siúil cúrsaí stánadóireachta chun iarracht a dhéanamh daoine óga a mhealladh chun na ceirde. D’éirigh réasúnta maith leis seo ach tá easpa uirlisí stánadóireachta traidisiúnta ag cur bac ar an bpróiseas.
Sa bhliain 2017, thug Ionad Pavee faoi thionscadal in éineacht le hArd-Mhúsaem na hÉireann chun an cheird seo a chur chun cinn. Bhí sraith ranganna stánadóireachta ar siúl i nDún Uí Choileáin, Ard-Mhúsaem na hÉireann. Tharraing sé seo aird ar an riachtanas do thuilleadh uirlisí stánadóireachta.
Ag eascairt as an obair tá bailiúchán airgid chun uirlisí stánadóireachta a cheannach agus táthar ag leanúint leis an obair ó thaobh aird a tharraingt ar an gceird agus an cheird a chur chun cinn.
Taispeánann Ionad Pavee físeán maidir le stánadóireacht ar a láithreán gréasáin agus ar na meáin shóisialta agus tá Ard-Mhúsaem na hÉireann ag cur cartlann scannán maidir le stánadóireacht an Lucht Siúil ar thaobh an bhóthair chun cinn freisin.
Agus iarracht á déanamh chun todhchaí a chruthú don cheird, aimsíodh míreanna stánadóireachta, cuireadh ar an margadh iad agus díoladh iad in ionad díolacháin ealaíona agus ceardaíochta ardleibhéil. Táthar ag leanúint leis an obair sa réimse seo.
Tá líon gníomhartha i Straitéis Náisiúnta um Lánpháirtíocht an Lucht Siúil agus Roma 2017 de chuid Rialtas na hÉireann, chun tacú le agus luach a chur ar chultúr agus ar chéannacht an Lucht Siúil, lena n-áirítear, tacú le hionaid chultúrtha an Lucht Siúil.
Tá scil na stánadóireachta mar chuid lárnach de chultúr agus de chéannacht níos leithne an Lucht Siúil a chur chun cinn mar go bhfuil sé samhlaithe go soiléir le céannacht an Lucht Siúil agus is léargas é ar gheilleagar agus ar an gcion dearfach atá curtha ag an Lucht Siúil agus a leanann an Lucht Siúil lena chur le sochaí fhoriomlán na hÉireann.