Déanamh Curach na Bóinne

Grúpa Oidhreachta Churach na Bóinne

Is éard atá i gceist agus curach thraidisiúnta na Bóinne á déanamh ná caoladóireacht as slata coill, a baineadh i mí Eanáir agus atá 8 dtroithe ar fhad. Leagtar iad seo síos 6 orlach óna chéile i gcruth ubhchruthach ar an talamh. Ansin déantar an ghunail a fhí ar an mbealach traidisiúnta a dtugtar ‘an buinne béal’ air. Ina dhiaidh sin lúbtar na slata fada thar an gcuid atá os a gcomhair amach agus coinnítear in áit iad sula gceanglaítear iad. Tógtar an ciseán den talamh é agus clúdaítear é le craiceann bó. Feistítear suíochán i gcurach na Bóinne ansin agus bíonn céasla snoite freisin. Bainfear úsáid as an gcéasla chun an churach a chur ag gluaiseacht – tugtar ‘sculláil’ air seo.

Faisnéis chúlra

Baineadh úsáid as na báid ársa seo san am a caitheadh le haghaidh iascaireacht ar abhainn na Bóinne. Ach mar gheall ar rialacha diana maidir le húsáid eangacha a thug an rialtas isteach siar sna 1960idí, chuaigh an traidisiún in éag go hiomlán de bharr nach raibh aon ghnó ag fir na háite díobh níos mó. Bíonn Curach na Bóinne á fí sa chaoi is gur féidir le go leor lámha a bheith ag obair uirthi ag an ama céanna agus bhíodh na clúdaigh leathair déanta ag meithil phobail, agus iad ag baint úsáid as uirlisí breochloiche, uisce, coirt darach agus geir.

I dtús an 20ú haois, bhain Curach na Bóinne clú idirnáisiúnta amach nuair a sheol Albert Kahn, baincéir Francach a bhí ina mhilliúnaí, dhá ghrianghrafadóir anall chun grianghraif a thógáil de Churach na Bóinne ar eastát Lady Cunningham i mBaile Shláine. Bhí sé seo ina chuid de thionscadal uaillmhianach chun bailiúchán domhanda a chruthú de ghrianghraif dhaite de dhaoine áitiúla.

Mar chuid dár n-iarrachtaí an traidisiún ársa seo a athbheochan, bhailigh Grúpa Oidhreachta Churach na Bóinne go leor scéalta ó fhir agus ó mhná sa cheantar a raibh cuimhní cinn acu ar na curacha seo a bheith á n-úsáid ó lá go lá, mar chórais iompair agus le hairgead a shaothrú ón iascaireacht. Sa lá atá inniu ann tá Curacha seo na Bóinne ar ais ar an abhainn ach is le haghaidh fóillíochta amháin a úsáidtear iad. Is minic a chaitear laethanta fada an tsamhraidh ag fánaíocht ar chodanna éagsúla den abhainn stairiúil seo. Bíonn sé mar a bheadh meaisín ama ann, a thugann siar na céadta bliain muid agus muid ag sculláil linn ag déanamh iontais faoi na rudaí a chruthaigh an duine agus faoi áilleacht nádúrtha ár dtírdhreach aibhneacha iontach.

Cleachtas agus cleachtóirí

Tá traidisiún déanta na gcurach ag leanúint ar aghaidh i gcónaí feadh Abhainn na Bóinne, ach is don chaitheamh aimsire, seachas don iascaireacht, atá an churach á húsáid anois. Mar gheall ar chomh mór agus atá sí (6.6 troithe ar fhad agus 4.5 troithe ar leithead) agus an clúdach leathair marthanach atá uirthi tá an churach in ann déileáil leis na bualchomhlaí agus na coraí a bhíonn ar an abhainn i rith an tsamhraidh. Bheadh beirt ábalta a bheith ag céaslóireacht gan stró le taobh a chéile, nó d’fhéadfadh duine den chriú a bheith sculláil dá mba ghá. Tá neart spáis i gcónaí ann do phaisinéir eile le ciseáin phicnic srl. agus mar gheall ar chomh domhain agus chomh leathan agus an bád, tá neart spáis ann do na cosa agus is féidir corraí thart taobh istigh sa churach. Tá sí snámhach agus is féidir seasamh suas inti agus teacht amach aisti ar bhruach na habhann. Ní bhíonn na canúálaithe in ann é seo a dhéanamh toisc nach mbíonn mórán spáis sa chanú. De ghnáth ní féidir leo dul isteach sa chanú agus ag teacht amach aisti ar an mbealach éifeachtach céanna seo. Mar gheall ar an tarraingt atá ag an gcurach agus marthanacht an leathair is féidir í a úsáid fiú sa chás is go mbeadh an-triomach ann le linn an tsamhraidh.

Ceaptar gurb í Curach na Bóinne is gaire don churach farraige bunaidh, is í sin Curach Dhá Éadan, a d’úsáidtí amuigh ar an bhfarraige agus as ar tháinig an Bun Beag, agus b’fhéidir Curach na Bóinne. Glacann Curacha na Bóinne páirt freisin i gcruinniú curaí a tharlaíonn go rialta idir Ó Méith agus an Pointe. Déanann Grúpa Oidhreachta Churach na Bóinne sé churach a choinneáil, a chothabháil agus a thaispeáint ag Ionad Churach na Bóinne, ar an taobh eile den abhainn ó shéadchomhartha Shí an Bhrú. Feictear iad go minic ag seónna agus ag féilte éagsúla ar fud na tíre d’fhonn an pobal a chur ar an eolas faoi na traidisiúin a bhaineann le Gleann na Bóinne.

Tá Claidhbh Ó Gibne ag déanamh curacha gach bliain anois le breis agus 20 bliain, agus d’oibrigh sé go lánaimseartha leis an mbealach a ndéantar Curach na Bóinne a leathnú amach.Teastaíonn uaidh tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi ar éirigh lenár sinsir ón gClochaois ainmhithe a iompar go dtí ár gcladaí agus an chaoi go raibh siad in ann clocha, a raibh 5 thona iontu, a thabhairt ó chairéil níos faide ó thuaidh. Faoi láthair tá Claidhbh ag triail amach curach leathair fite atá 36 troigh. Tá an churach fuaite agus ceangailte le craiceann ainmhithe, tá na seolta déanta as 420 craiceann fia velum, a bhí ullmhaithe agus fuaite le chéile thar thréimhse bliana. Baineadh úsáid as trialacha farraige le 3 bliana anuas chun traidisiún na stiúir cheathrún a bhaineann le báid den chineál seo a athfhoghlaim, mar aon le crainn dhéchosacha agus thríchosacha. Léirigh Claidhbh an bealach a ndéantar Curach na Bóinne in Milwaukee SAM, in Auronzo na hIodáile, agus ag go leor seónna ar fud na hÉireann. Tá cainteanna tugtha aige freisin ar an ábhar ar fud na hÉireann agus sa Spáinn, áit a bhfuil súil aige dul ar deireadh thiar sa churach fite 36 troigh, nuair a bheidh na trialacha agus na turgnaimh ar fad críochnaithe againn.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Tá Grúpa Oidhreachta Churach na Bóinne, grúpa pobail neamhbhrabúis, ar an bhfód ó bhí 1997 ann agus bíonn sé ag brath ar réimse leathan de dhaoine oilte. Meallann an churach go leor den dream seo mar gheall ar an nasc fisiciúil atá aici le stair na hÉireann agus ionas gur féidir stair 5,000 bliain Ghleann na Bóinne a athbheochan, tríd an abhainn féin. Feiceann daoine eile é mar bhealach chun bualadh le Gaeilgeoirí eile atá ar aon intinn leo agus a bheith ag comhrá leo agus i mbun caoladóireachta ar na ciseáin mhóra, nó ag prúnáil coill ó chrainn a chuir siad féin agus daoine eile sa ghleann 20 bliain ó shin. Thar na blianta d’eirigh leis an ngrúpa an traidisiún ársa a bhaineann le caoladóireacht na mbád seo a chur chun cinn go gníomhach le linn imeachtaí éagsúla, agus ghlac siad páirt i mórshiúlta éagsúla leis na báid.

Bíonn imeacht bliantúil ar siúl freisin, áit a dtaistealaíonn na curacha an 75 míle atá in Abhainn na Bóinne óna foinse go dtí an fharraige. Baintear úsáid as an iris ar chúrsaí taistil a scríobh William Wilde sa bhliain 1847 chun cuntas a thabhairt ar an tírdhreach agus ar na séadchomharthaí agus iad ag dul thar bráid. Rinne an grúpa iarracht i gcónaí, trí sheandálaíocht thurgnamhach, leathnú i dtreo na farraige leis na curacha seo atá déanta ar an tseanstíl. Tá cabhlach naomhóg tógtha acu le déanaí ionas go mbeidh siad in ann taisteal agus bualadh le pobail eile atá ag plé leis na curacha agus atá ar aon intinn leo, agus tús áite tugtha i gcónaí don churach, don teanga agus don cheol.

Tar éis fiche bliain a bheith caite ag déanamh na mbád ciseán seo tá neart deiseanna faighte le mionathruithe a dhéanamh ar chuid mhaith de na scileanna a bhaineann leis an gceird seo agus iad a thabhairt chun foirfeachta. Déantar gach iarracht i gcónaí cur le saoil an chiseáin nó le marthanacht an leathair ionas go mairfidh an churach séasúr eile, sula gcaithfear í a bhaint óna chéile agus a athdhéanamh.

Is é an plean réamh-mheasta atá againn mar ghrúpa as seo go ceann 5 bliana ná Regatta Náisiúnta Churach na Bóinne a reáchtáil suas an abhainn i mBaile Átha Troim, áit a dtabharfar deis do dhaoine óga páirt a ghlacadh i gceardlanna ina gcuid scoileanna. Beidh siad i mbun caoladóireachta ar a gcurach féin agus ina dhiaidh sin glacfaidh siad páirt mar iomaitheoirí sa Regatta.

Tá súil againn freisin clár a fhorbairt do na scoileanna ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal chun nasc a chruthú leis an oidhreacht seo.

Eagraíocht Teagmhála

Grúpa Oidhreachta Churach na Bóinne

Láthair Abhainn na Bóinne
Catagóirí Ceardaíocht thraidisiúnta
Eochairfhocail Ceardaíocht, báid, curacha, an fharraige
Eagraíocht Teagmhála Grúpa Oidhreachta Churach na Bóinne
Fardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.