Is tionscadal leanúnach a fhobraítear i rith an ama é Fardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe. Tá áthas ar An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt glacadh le Léirithe Spéise ó ghnéithe oidhreacht chultúir bheo ar bhonn leanúnach lena mbreithniú.
Is féidir foirmeacha a íoslódáil anseo agus a sheoladh ar ríomhphost chuig nationalich@ccs.gov.ie
Má chleachtann tú gné den oidhreacht chultúir a bhfuil ionadaíocht aici cheana féin ar an bhFardal Náisiúnta agus más mian leat do thacaíocht a chur le hinscríbhinn atá ann cheana féin, molaimid teagmháil a dhéanamh leis na heagraíochtaí a liostaítear faoin ngné sin.
Bímid i gcónaí sásta ceisteanna a fhreagairt ag nationalich@ccs.gov.ie