| Láthair | Ar fud Oileán na hÉireann |
|---|---|
| Catagóirí | Na Taibhealaíona Cleachtais shóisialta, gnásanna agus imeachtaí féilte Traidisiúin bhéil agus nathanna cainte, lena n-áirítear teanga Ceardaíocht thraidisiúnta |
| Eochairfhocail | Eochairfhocail Cruit, cruitireacht, ceol |
| Eagraíocht Teagmhála | Cruit Éireann |
Achoimre ghearr
Is í an chruit an comhartha náisiúnta atá ag Éirinn. Tá sí á seinm le breis agus 1,000 bliain. Cuireann gach a gcloiseann ceol na cruite, agus na fuaimeanna atá cosúil le clog, an-spéis inti.Tá ceiliúradh uirthi i miotaseolaíocht, i mbéaloideas agus i litríocht na hÉireann. Sa lá atá inniu ann, is iondúil gur mná nó leanaí na cruitirí, mar mhalairt ar an seanchleachtas nuair a bhíodh a chruitire féin ag gach Taoiseach, fear dall go hiondúil. Anuas ar an méid sin, in ionad cruit a ghearradh as aon bhloc amháin sailí, téada sreinge a phreabadh leis na hingne, agus an cheird a fhoghlaim ar an gcluais, déantar an chuid is mó de chruiteanna na linne seo as cineálacha éagsúla crua-adhmaid, snáithe caoláin nó níolón sna téada agus iad á seinm le barra na méar. Déantar an cheird a fhoghlaim ar an gcluais agus/nó le nodaireacht ar nós an cheoil ealaíne. Chuaigh cruitireacht na dtéad sreinge i léig i ndeireadh an ochtú haois déag agus tháinig ceol ar théada snáithe caoláin chun tosaigh ina ionad sin. Tá tionchar i gcónaí ag an athrú ábhartha sin ar stór ceoil na gcruitirí agus ar sheinm na cruite (amhránaíocht leis an gcruit san áireamh), ar dhearadh na cruite agus orthu siúd a bhfuil an traidisiún sealbhaithe acu faoi láthair. Ó na 1960idí i leith, tá leanúnachas gach aon stíl cruitireachta curtha ar chaoi a shábhála leis an athbheochan ar sheinm na cruite agus ar an déantúsaíocht, suim in athuair an stór ceoil ársa a sheinm, cónascadh le ceol traidisiúnta, agus mar gheall ar chúnamh Rialtais. Gné bhunlárnach an chruitireacht de shaoithiúlacht náisiún na hÉireann. . Is í an chruit an suaitheantas náisiúnta atá le feiceáil ar stáisiúnóireacht an Stáit, ar shéala oifige an Uachtaráin, ar na boinn airgid, ar éide na bhfórsaí slándála, ar na séadchomharthaí náisiúnta agus ar chuid mhór de na foirgnimh phoiblí.
Tá Cruitireacht na hÉireann ainmnithe ag an Stát le lua ag UNESCO ar Liosta Ionadaíochta maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Duine, agus beidh cinneadh ina leith sin á dhéanamh ag deireadh na bliana 2019.
Faisnéis chúlra
Seinntear an chruit i ngach áit in Éirinn. Tá lárionaid shuntasacha ar fáil inar treise seinm na cruite, eadhon, Baile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Laois, Maigh Eo, Contae na Mí agus Doire. Tá Dún na nGall, Sligeach, Gaillimh, Luimneach, Contae an Chláir, Ciarraí, Corcaigh, Ceatharlach, Loch Garman, Longfort, Cill Chainnigh, Cill Mhantáin, Baile Átha Cliath, an Cábhán, Muineacháin, Ard Mhacha, agus Béal Feirste le háireamh freisin ar na háiteanna ina seinntear an chruit. Bíonn cruitireacht ar siúl ag cuid mhór féilte náisiúnta agus ag comórtais ceoil in Éirinn. Tá borradh seasta faoin gcruitireacht ar líne. Téann a réim go hidirnáisiúnta, go háirithe Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Bhriotáin, na Críocha Lochlannacha, an Eoraip, an tSeapáin, an Rúis, Ceanada agus an Astráil, mar a mbíonn cruitirí ar stíl na hÉireann ag seinm go rialta agus ag roinnt a gcuid eolais agus scileanna. Saothraíonn cruitirí as Éirinn freisin ag féilte ceoil tíre thar lear i mbun ceardlann agus teagaisc ionas go gcuirtear traidisiún na cruitireachta ar aghaidh chuig ceoltóirí nua agus i láthair do dhreamanna nua sa lucht éisteachta. Tá lucht déanta uirlisí agus lucht adhmadóireachta i dtíortha thar lear, Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada agus an Fhrainc i mbun cruiteanna de chineál na hÉireann a dhéanamh mar gheall ar an spéis bhreise atá sa chruitireacht.
Tá an chruitireacht ag dul go domhain i meon na nÉireannach leis na cianta. Is de dhlúth agus d’inneach gnéithe de dheasghnátha chultúr agus shaol na hÉireann an chruitireacht le macalla den dualgas a dhéanadh an cruitire fadó dá phátrún: ceiliúradh breithe agus pósta, comóradh ar chrógacht sa chath agus caoineadh ar an laoch calma a maraíodh sa troid. Tagann cruitirí an lae inniu le chéile ar bhealaí éagsúla; ag seinm dá chéile agus in éineacht agus ag seinm do mhuintir an phobail. Seinneann siad ag ócáidí Stáit, ag ceolchoirmeacha, ag cóisirí sóisialta nó ag seisiúin cheoil; ag bainiseacha agus ag searmanais sochraide; ag cothú an cheangail idir daoine agus an pobal tráth a mbíonn na mothúcháin á spreagadh; léirítear gliondar, ceiliúradh agus brón le ceol na cruite, deimhniú ar thuiscint na nÉireannach orthu féin. . Déanann cruitirí agus filí aithris ar sheantraidisiún an chruitire agus an reacaire i mbun oirfidíochta, ceol na cruite mar thionlacan leis an aithriseoireacht ar aon dul le traidisiún ársa na mbard. Bhí tairbhe as an gcruitireacht ag dul i ngleic leis an gcoimhlint agus an tsíochánaíocht a spreagadh i dTuaisceart Éireann, le comhthuiscint níos tréine á cothú idir dreamanna éagsúla. Cuireann an nós nua atá ag teacht chun cinn le grúpaí cruitirí óga ag seinm in éineacht i gcompántais dlús leis an idirbheartaíocht phearsanta agus shóisialta nuair atá an caidreamh digiteach ina chontúirt don cheangal idir daoine ar na saolta seo. Cothaítear leis an ngnás sin freisin ‘comhcheangal’ leis an bpobal agus athdhearbhú air sin tráth a séantar trádáil tráchtearraí. Anuas ar an méid sin, cothaítear leis an ngnás borradh faoin idirghabháil le lucht déanta cruiteanna agus lucht ceaptha saothair nua ceoil don chruit agus leis an lucht éisteachta rannpháirteach fairsingithe. Déantar soláthar le dul i bhfeidhm na cruitireachta ar fud an domhain do chaidreamh na gcruitirí idirnáisiúnta le hÉirinn, ionas gur acmhainn dóibh an mórtas a bhraitheann siad as oidhreacht chruitireachta na hÉireann a chur in iúl agus taitneamh a bhaint as an gcruit a sheinm agus as éisteacht le ceol na cruite.
Cleachtas agus cleachtóirí
Déanann Cruit Éireann, Harp Ireland, an eagraíocht náisiúnta acmhainne, ionadaíocht thar ceann chruitireacht na hÉireann. Cuireadh an eagraíocht ar bun sa bhliain 2016 chun cruitireacht na hÉireann a chur chun cinn agus traidisiún na cruitireachta a chaomhnú. Tá an eagraíocht lonnaithe i mBaile Átha Cliath le baill as Éirinn agus as Tuaisceart Éireann. Tá ionadaíocht ag cruitirí a chleachtann cleachtais éagsúla, ag lucht déanta cruiteanna, daoine den lucht léinn, cumadóirí comhaimseartha agus daoine atá páirteach i gcaomhnú thraidisiún na cruitireachta. Déanann Cruit Éireann comhordú ar thacaíocht na ballraíochta, eagraíochtaí eile cruitireachta agus cruitirí ghnás na hÉireann atá lonnaithe san Eoraip, sa Ríocht Aontaithe, sna Críocha Lochlannacha, san Astráil agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tá borradh mór tagtha le seasca bliain anuas ar an spéis sa chruitireacht mar gheall ar thuiscint níos mó ar ról na cruite maidir le saoithiúlacht, teanga agus cultúr na hÉireann. Tá tuairim is 1500 duine i gceist le lucht oidhreacht na cruitireachta agus sheinm na huirlise agus tá méadú rialta ag teacht ar an líon sin. Cé go bhfuil oiread áirithe fear agus buachaillí a sheinneann an chruit; mná, cailíní agus leanaí is mó a chleachtann sin. Braitheann muintir na hÉireann ceangal ó nádúr le ceol na cruite mar is léir ón méadú spéise i gcláir oideachais cheoil státurraithe trína gcuirtear teagasc i seinm na cruite ar fáil. Rinne seinm na cruite tairbhe maidir le cothú na síochánaíochta i dTuaisceart Éireann le caoinghlacadh leis an iléagsúlacht agus caidreamh á cheangal mar a raibh deighilt sheicteach ag coinneáil dhreamanna den phobal óna chéile. Tá oidhreacht ríluachmhar an cheoil sin a cumadh go speisialta le seinm ar uirlis le téada déanta as sreang á chothú ag ceoltóirí na linne seo ar an gcruit shreinge, léiriú ar an ról uasal a bhí le sinsearacht ag an gcruitire in Éirinn i rith ré na meánaoise agus i saol an séú/seachtú haois déag. Tá an stór ceoil sin curtha ar chaoi a shábhála ag seinnteoirí cruite snáithe caoláin na linne seo agus cinntithe acu go maireann sé beo an tráth céanna a bhfuiltear ag dul i ngleic le gnás an cheoil thraidisiúnta agus ag dul in oiriúint d’athrú ar stíleanna na cruitireachta. Tuilleann cruitirí ardchlú as ucht acmhainn léirmhíniúcháin agus acmhainn seanma i mbun a gcuid ceoil agus bíonn ardmheas orthu. Seinntear cruit na hÉireann i Stáit Aontaithe Mheiriceá, sna Críocha Lochlannacha, san Eoraip, sa tSeapáin, sa Rúis, i gCeanada agus san Astráil, mar a mbíonn spéis á chur ag na ceoltóirí sa cheangal dlúth le hÉirinn, san fhuaim fhuinniúil, in oidhreacht na huirlise agus sa stór ceoil faoi leith a bhaineann léi. Cé go bhfuil cur chuige faoi leith dá gcuid féin ag lucht déanta cruiteanna in Éirinn, tá déantóirí cruite lonnaithe san Eoraip, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus sa tSeapáin chomh maith.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Cuirtear lón eolais agus scileanna na cruitireachta ar aghaidh mar seo a leanas:
• I gcuid mhór cásanna, is trí chruitirí proifisiúnta nó daoine den lucht spéise a d’fhoghlaim dá stuaim féin á sheinm don chluas a chuirtear ceol na cruite ar aghaidh; bíonn foghlaimeoirí eile ann a bhfuil cleachtadh acu ar nodaireacht an cheoil ó cheol clasaiceach nó eile nó a sheinneann ceol traidisiúnta na hÉireann ar uirlis eile uilig.
• Bailítear eolas as tráchtaisí stairiúla agus lámhscríbhinní ón seachtú haois déag ina bhfuil léiriú ar fáil ar mhodhanna seanma agus ar stór ceoil na gcruitirí fadó agus baintear leas as sin i mbun staidéir ar an uirlis.
• Bíonn ranganna aonair ar siúl ag an máistir cruitireachta don fhoghlaimeoir agus ‘breathnú, éisteacht, seinm agus foghlaim’ in úsáid mar mhodh oibre.
• Eagraítear ranganna grúpa/compántais ina ndéanann an máistir cruitireachta grúpa foghlaimeoirí a theagasc agus ‘tugann na daltaí leo an fonn’ trína sheinm astu féin agus ina ngrúpaí.
• Eagraítear ranganna 1/1 le múinteoir gairmiúil atá cáilithe chuige sin i dtimpeallacht fhoirmiúil oideachais agus staidéar á dhéanamh ar phrionsabail chlasaiceacha an cheoil ealaíne chomh maith le cruitireacht na hÉireann.
• Ranganna sainchóirithe cruite ag féilte cruitireachta le béim faoi leith ar an stór ceoil a ‘chur ar aghaidh’ agus ar na scileanna a thabhairt chun cinn trí cheardlanna cumais measctha agus seinm na cruite.
• Seinm ag ócáidí neamhfhoirmiúla ceoil nó “seisiúin” in éineacht le ceoltóirí traidisiúnta eile.
• Seinm le compántais cruitireachta, gnás a bhfuil comhchaidreamh sóisialta de thairbhe leis freisin do cheoltóirí cruite.
• Féachaint ar mháistirí na cruite i mbun seanma agus éisteacht lena gcuid ceoil.
• Deiseanna foghlama a úsáid, mar shampla bileoga ceoil, gléasanna taifeadta, foghlaim ar líne, YouTube, láithreáin ghréasáin shainchúraim agus skype, a chuidíonn le próiseas na foghlama.
Bíonn cruitirí de chuid na hÉireann ag seinm agus ag teagasc go rialta ar chamchuairteanna idirnáisiúnta. Cuidíonn sin maidir le leanúnachas an ghnáis agus lena leathnú i measc ceoltóirí nua agus dreamanna nua sa lucht éisteachta.
Rinneadh iarrachtaí éagsúla ag deireadh an ochtú céad déag le hathbheochan cruitireachta a spreagadh agus tá Féile Chruitireachta Bhéal Feirste (1792) agus cnuasaigh Edward Bunting a fhoilsiú (1796, 1801 agus 1840) le háireamh ar na hiarrachtaí ba shuntasaí. Idir na blianta 1850 -1950, caitheamh dícheall leis an gcruitireacht a choinneáil beo agus ba mhinic an chruit le feiceáil ar shuaitheantais, i gcúrsaí polaitíochta agus i gcúrsaí cultúir, ina comhartha náisiúnta agus ina gairm spreagtha maidir le cás na saoirse. I rith na dtréimhsí éagsúla athmhúscailte agus athraithe; chuathas in oiriúint arís agus arís eile do phátrúin a bhí ag teacht chun cinn sa cheol atá soiléir maidir le huirlisí eile ceoil, seánraí eile agus stíleanna eile. Spreag athmhúscailt cheol na ndaoine i rith na 1960idí agus 1970idí spéis dá réir sa chruitireacht. Thug ceoltóirí faoi leith faoi thaighde ar an gcruit, faoi athbheochan ar an stór ceoil agus faoin gcruit a sheinm in Éirinn agus thar lear. Bunaíodh Cairde na Cruite (Friends of the Irish Harp) sa bhliain 1960, agus chuaigh i gcion go mór. Chuidigh eagraíochtaí eile leis an eagras sin, ina measc eagraíochtaí náisiúnta ceoil, na meáin chumarsáide, lucht na Gaeilge agus comhlachtaí taifeadta. Rinne an cumadóir mór le rá, Seán Ó Riada, athbheochan ar cheol na gcruitirí i gcompántais ceoltóirí ionas gur tugadh isteach é leis an gceol traidisiúnta. Cuireadh tús le teagasc na cruite i scoileanna na mban rialta. Tháinig ardú ar líon na múinteoirí. Tugadh seinm na cruite isteach faoi scáth chóras foirmiúla measúnachta an cheoil agus bhí sé ar an siollabas i bhforais cheoil ar an dara leibhéal agus ar an tríú leibhéal. Coimisiúnaíodh saothair nua ceoil agus rinneadh taifeadtaí. Foilsíodh ceol agus saothar léinn ina leith. Cuireadh bonn faoi lucht déanta cruiteanna. Bunaíodh féilte cruitireachta a tharraing cruitirí as Éirinn agus as tíortha thar lear agus tháinig ardú ar líon na bhfoghlaimeoirí. Tar éis don Chomhairle Ealaíon tuarascáil a fhoilsiú, cuireadh Cruit Éireann, mol acmhainne náisiúnta maidir le cruitireacht na hÉireann a chothú agus a chur chun cinn, ar bun sa bhliain 2016.
Tá maoiniú á chur ar fáil maidir le cruitireacht na hÉireann, ar bhonn an tionscadail, le tríocha bliain anuas ag an gComhairle Ealaíon. Tugann an Chomhairle Ealaíon cabhair airgid freisin maidir le féilte cruitireachta agus le tionscnaimh eile a bhaineann leis an gcruitireacht. Bíonn an chruit san áireamh ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann, eagraíocht dheonach náisiúnta an cheoil thraidisiúnta, agus ag Scoil Samhraidh Willie Clancy, i gcuid mhór dá gcuid beartaíochta. Tá forais eile a fhaigheann cúnamh stáit, mar shampla Taisce Cheol Dúchais Éireann, an taisce náisiúnta maidir leis an gceol traidisiúnta, agus an Leabharlann Náisiúnta, a chuidíonn leis an gcruitireacht trí ardáin taibhréime, deiseanna taighde agus áit stórála d’ábhar a bhaineann leis an gcruitireacht, a chur ar fáil. Tá bailiúchán leitheadach de chruiteanna ársa san Ard-Mhúsaem. Cuireann forais oideachais tríú leibhéal cúnamh comhchineáil ar fáil trí mhodhanna don taighde acadúil. Bíonn cúnamh ar fáil ó údaráis áitiúla de réir gach cás faoi leith. Déanann an Roinn Oideachais, tríd an gcomhar páirtnéireachta le Music Generation, an clár náisiúnta maidir le hOideachas Ceoil, freastal do theagasc sa chruitireacht a chur ar fáil. Cuireann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, tríd an ngníomhaireacht Cultúr Éireann, deiseanna ar fáil maidir le seinm na cruite a chur chun cinn thar lear agus a chur i láthair lucht éisteachta níos forleithne. Tá infheistíocht déanta ar an leibhéal logánta ag an gclár Éire Ildánach a thagann faoi choimirce an Rialtais. Cé go bhfuil srianta náisiúnta cistíochta ina mbac maidir le cineál na n-aidhmeanna, rinne an Chomhairle Ealaíon, tríd an mháthair-roinn, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Cruitireacht na hÉireann a ghlacadh mar phríomhbheart straitéise sa bhliain 2014, ní ar treisíodh leis le Cruit Éireann a chur ar bun sa bhliain 2016, agus tá caidreamh ar bun ag an gComhairle leis an bpobal ar mhaithe le hoidhreacht na cruitireachta a chaomhnú, a bhfuil i ndán a leagan amach agus gnás ilchuimsitheach a chothú.
Eagraíocht Teagmhála
Cruit Éireann