Na Taibhealaíona
Cleachtais shóisialta, gnásanna agus imeachtaí féilte Ceardaíocht thraidisiúnta
Traidisiúin bhéil agus nathanna cainte, lena n-áirítear teanga
Eochairfhocail
Clogra, méarchlár, cnaguirlisí, cloig, clogaire, an Bheilg, UNESCO
Clogra a bhfuil 49 clog air in Ardeaglais Naomh Colmán sa Chóbh, Contae Chorcaí. Is é seo an t-aon uirlis cheoil dá leithéid i bPoblacht na hÉireann.
Seinntear an clogra ó chonsól suite laistigh den chloigtheach, ar a bhfuil méarchlár agus clár troitheánach. Tá an clogra cosúil go leor leis an gconsól orgáin. Bíonn baitíní cruinne adhmaid ar mhéarchlár an chlogra agus freagraíonn siad do na heochracha dubh agus bán, cé go bhfuil na troitheáin níos giorra ná na troitheáin ar an orgán. Is as cré-umha a dhéantar cloigíní an chlogra agus bíonn siad tiúnáilte go rí-mhaith. Ní bhíonn siad ag luascadh ná ag bogadh ar chor ar bith. Bogann crothla an chloig, a bhíonn ceangailte díreach leis an gconsól, go meicniúil, chun na cloig a bhualadh. Dá bhrí sin, is cnaguirlis atá anseo a fhreagraíonn go hiomlán do na méara, rud a thugann smacht don chlogaire, ionas gur féidir leis gach cineál ceoil a sheinm, ón gcogar binn go dtí an fortissimo toirniúil.
Faisnéis chúlra
Ceapadh an clogra thart ar 500 bliain ó shin in ísealchríocha na Beilge, na hÍsiltíre agus thuaisceart na Fraince. Go dtí deireadh an naoú haois déag agus tús an fichiú haois bhí sé teoranta, den chuid is mó, don chuid sin de mhórthír na hEorpa. Tá clograí anois ar fud thuaisceart na hEorpa agus i Meiriceá Thuaidh ach fós féin níl mórán acu sa leathsféar theas.
Cé go bhfuil, de réir a chéile, níos mó corpas ceoil á chumadh go sonrach don chlogra, is féidir seánraí eile ceoil, is cuma an ceol tíre, ceol clasaiceach, ceol eaglasata nó ceol nua-aimsearth atá i gceist, a chur in eagar ionas gur féidir iad a sheinm ar an gclogra.
Ní hionann a bheith ag casadh an chlogra agus a bheith ag bualadh an chloig le rópaí. Sa chás sin is amhlaidh go luascann duine amháin an clog agus go mbuaileann an clog mar thoradh air sin, in éineacht le cloig eile a ndearnadh an rud céanna leo.
Nuair a cuireadh isteach ar dtús é sa bhliain 1916, bhí Clogra an Chóibh ar cheann de na chéad chlogra ag an am a bhí curtha i dtiúin go cruinn, toisc gur cailleadh an scil seo ar feadh na céadta bliain go dtí gur aimsigh an t-eaglaiseach Sasanach Canon A. B. Simpson (1828-1900) é. Anuas air sin, glactar leis go hidirnáisiúnta go bhfuil an clogra sa Chóbh ar cheann de na cinn is fearr ó thaobh thondath na gclog agus a shuíomh ó thaobh na fuaime de. Tá raon de cheithre ochtach crómatacha aige agus tá meáchan iomlán os cionn 26 tonna sna cloig, rud a fhágann go bhfuil sé ar an gclogra is mó sna hoileáin seo. Ba i dteilgcheárta John Taylor & Co. in Loughborough, Sasana a múnlaíodh é i dtosach sa bhliain 1998 agus rinne teilgcheárta de chuid na Danmhairge, Royal Eijsbouts, é a athchóiriú agus a nuachóiriú, a bhuí le maoiniú ón AE.
Cleachtas agus cleachtóirí
Ba é an tEaspag Robert Browne (1844-1935) ó Dheoise Chluana a thug an uirlis cheoil seo go hÉirinn nuair a shocraigh sé go mbeadh an clogra ina sméar mhullaigh ar a ardeaglaise nua sa Chóbh. Bhí an bhliain 1924 ann, áfach, sular éirigh leis clogaire a fhostú chun an uirlis a sheinm. Sular tháinig sé go dtí an Cóbh, bhí Staf Gebruers (1902-1970) ina Chúntóir Clogaireachta d’Ardeaglais Mhuire in Antuairp agus é ar dhuine de na mic léinn ba thúisce a bhí ag Jef Denyn (1862-1941), an fear atá freagrach as an athbhorradh spéise sa chlogra sa lá atá inniu ann agus an té a bhunaigh an chéad scoil clogaireachta ar domhan. In imeacht ama, roinn Staf Gebruers a chuid eolais faoin gclogaireacht lena mhac, Adrian. Ina dhiaidh sin rinne Adrian é féin staidéar ar an gclogaireacht i Scoil Chlogaireachta in Mechelen. Sa bhliain 1998, bhí an chéad Aire Ealaíon a bhí againn sa tír seo, Micheál D. Ó hUigínn, an-tóghta le go gcoinneófaí beo traidisiún na clogaireachta, a bhí in Éirinn, ar a laghad, ina traidisiún mionlaigh agus í i mbaol, trína chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Chuige sin, chuir Adrian Gebruers tús le clár staidéir ar an gclogaireacht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Thug Ciste Éireann-Mheiriceá tacaíocht fhial nuair a bhronn siad insamhlóir úrscothach de chlogra ar an ollscoil. Tá an obair seo ag leanúint ar aghaidh agus tá sí á leathnú amach anois chuig mic léinn dara leibhéal. Bíodh sin mar atá, is é fírinne an scéil go bhfuil an chlogaireacht in Éirinn fós ina healaín mhionlaigh agus mar gheall air sin tá éiginnteacht ag baint lena todhchaí.Tá a todhchaí ag brath go mór ar go mbeadh an ghlúin óg de cheoltóirí atá ag teacht aníos ag cur spéis sa chineál seo ceoil cloig.
Ón tús, bhí údaráis na hArdeaglaise go mór chun tosaigh ó thaobh tacaíocht a thabhairt do thraidisiún na clogaireachta. Rinne siad amhlaidh trí phost Chlogaire na hArdeaglaise a chruthú agus cothabháil a dhéanamh go leanúnach ar an uirlis Sa bhliain 1995, cuireadh an fhreagracht as bainistiú a dhéanamh ar an uirlis agus í a chur chun cinn ar aghaidh chuig Coiste Clogaireachta an Chóibh.
In 2018, bhí Séasúr Samhraidh bliantúil Cheadal Clogaireachta an Chóibh 91 st bliain ar an bhfód. Ní hamháin go mbíonn Clogaire Ardeaglais an Chóibh páirteach anseo ach bíonn taibheoirí idirnáisiúnta mór le rá ann ón Eoraip, ó Mheiriceá Thuaidh agus ón Astraláise. Tá aitheantas tugtha ag an gComhairle Ealaíon agus ag Comhairle Contae Chorcaí don tábhacht chultúrtha a bhaineann leis an ócáid shuntasach seo, trína dtacaíocht airgeadais le blianta fada.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Chuir Staf Gebruers tús le traidisiún na clogaireachta in Éirinn sa bhliain 1924 agus in imeacht aimsire thosaigh a mhac, Adrian ar an gceird a chur chun cinn. Ina dhiaidh sin, chuir Adrian Gebruers, le spreagadh ó Mhicheál D. Ó hUiginn, a bhí ina Aire Ealaíon ag an am, tús le clár staidéir ar an gclogaireacht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Is éard atá i gceist leis seo ná sraith léachtaí ar an gceird i gcoitinne ach go háirithe ar an gclogra, faoin teideal “Bells Through the Ages” agus ceachtanna ar an gclogaireacht ag úsáid ionsamhlóir a bhronn Ciste Éireann-Mheiriceá go fial ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus an clogra féin, in Ardeaglais Naomh Colmán sa Chóbh.
Bíonn scrúdú praiticiúil ar chasadh an chlogra ar siúl ag deireadh an téarma sa Chóbh agus Adrian Gebruers ina scrúdaitheoir in éineacht leis an Ollamh le Ceol nó leis an gCeann Roinne. Foilsíodh dhá imleabhar do na mic léinn, a chuir Adrian Gebruers in eagar, mar chuid de Shraith Cheoil Chlogaireachta an Chóibh. San áireamh anseo tá bun-chumadóireacht don chlogra a chum cumadóirí Éireannacha – Michael Bowles (1909-1998), David Harold Cox, Aloys Fleischmann (1910-1992), Staf Gebruers (1902-1970) – agus cóiriú ar cheol na hÉireann don chlogra. Tapaítear gach deis chun an chlogaireacht a chur chun cinn agus a mhíniú don aos óg agus chomh maith le daoine níos sine, nuair a bhíonn na ceadail fhoirmiúla chlogaireachta ar siúl, le linn turais eagraithe in Ardeaglais an Chóibh agus sna meáin.
I mí na Samhna 2014, chuir UNESCO cultúr clogaireachta na Beilge leis an liosta atá aige d’oidhreacht chultúir dholáimhsithe.
Thar na blianta, bhí go leor alt scríofa faoin gclogaireacht sa Chóbh chomh maith le tagairtí a bheith sna meáin chlóite agus ar na meáin leictreonacha. Ar chuid de na cinn is déanaí acu tá –
From Flanders Fields to the Emerald Isle: How the Flemish Carillon Acquired an Irish Voice (Adrian Gebruers) – Éire agus an Bheilg, Past Connections and Continuing Ties (Arna fhoilsiú ag Ambasáid na hÉireann sa Bheilg, 2014).
Singing Bronze – A History of Carillon Music (Luc Rombouts) – Arna fhoilsiú ag Lipsius Leuven Belgium, 2014).
St Colman’s Cathedral Cobh – Heritage Churches of County Cork (Arna fhoilsiú ag Comhairle Contae Chorcaí, 2015).