Cleamairí Fhine Gall

Is traidisiún masctha nó bréagriochta atá i gceist le cleamaireacht atá le fáil i gcodanna d’Éirinn; chomh maith leis an mbréagriocht, baineann léiriú dráma traidisiúnta le carachtair bhuanchrutha leis. Tá go leor de na carachtair seo le fáil i dtraidisiún carnabhail san Eoraip.

 

Mummers of Fingal playing traditional Irish musical instruments

Mummers of Fingal playing traditional Irish musical instruments

Grianghraif le George Thurlow

Faisnéis Chúlra

Tá dúshlán agus troid idir dhá sheaimpín sa Dráma (Rim Rhyme & Prince George) le bás agus le tabhairt ar ais chuige féin an duine a chaill an cath agus a maraíodh (Prince George); tugann dochtúir bréige chuige féin é. Tar éis an phríomhghnímh seo, tagann carachtair, duine i ndiaidh an duine eile isteach chun léiriú a thabhairt; Eadhon: Slick Slack; the Wren; the Devil; Mrs Funny; Joe the Butcher; Beelzebub & Tom Fool.

Tá traidisiún fada leanúnach Cleamaireachta i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath (Fine Gall). Tá an Chleamaireacht séasúrach agus bíonn ar siúl go hiondúil thar thréimhse shaoire na Nollag. Tá a rann traidisiúnta áirithe féin ag gach carachtar sa dráma.

Grianghraf le George Thurlow

Cleachtadh agus cleachtóirí

Léiríonn Cleamairí Fhine Gall a ndráma gach Lá Fhéile Stiofáin i dtithe ósta agus i gclubanna i bhFine Gall; tugann siad léiriúcháin ag imeachtaí eile agus ag amanna eile, bunaithe ar éileamh nó ar chuireadh a fháil, is ag féilte áitiúla is minice a tharlaíonn sé seo. Faoi láthair, is iad na príomhchleachtóirí; Seán Mac Philibín; Ronan Lawless; Eoin Lawless; Rosie & Jerry O Reilly; Daracha Nic Philibín; David O’Connor; Mags Maxwell; Bartle Maxwell; Ciaran Reilly; Fiachra Mac Philibín; Páraic Ó Luanaigh; Ger Griffin; Sadhbh Nic Philibín; Jason Tiernan; Martin McKenna; Is é Seán Mac Philibín a chuir tús leis an gcleamaireacht sa bhliain 1983, is iad comhaltaí an ghrúpa ón tús; Seán Mac Philibín; Mary Maxwell; Margaret Maxwell; Joe Maxwell; Bartle Maxwell; Eoin Griffin; Ger Griffin & Patsy Kavanagh; ar na trí theaghlach a bhí bainteach leis an traidisiún ón tús bhí na Maxwells, na Mac Philibíní agus na Griffins agus ghlac go leor teaghlaigh eile páirt le himeacht ama.

Tá Cleamaireacht Fhine Gall difriúil ó Chleamaireacht i gcodanna eile den tír mar go measctar feisteas ionadaíoch le mascadh agus le cultacha tuí. Chomh maith leis sin, rinneadh athrú ar na príomhcharachtair sa dráma i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath (1950aidí) chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn agus ar Shasana. Go stairiúil, rinne siad ionadaíocht ar an troid idir Naomh Seoirse Shasana agus an Múrach nó an Turcach. Tharla an t-aathrú áirithe seo a bhuíochas don Dochtúir May as Sord a rinne athbheochan ar an traidisiún sna 1950aidí.

Grianghraf le George Thurlow

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Is í Scoil Shéamuis Ennis atá ag tabhairt faoin obair forbartha, faoi scaipeadh agus faoi chosaint an nóis ar bhonn leanúnach ón mbliain 1994. Chun na críche sin, déanann an Scoil óstach ar chláir for-rochtana i mbunscoileanna náisiúnta faoin tuath i bhFine Gall; eagraíonn an scoil léachtaí, seimineáir, taispeántais, léiriúcháin agus malartú an nóis le cleachtóirí eile; eagraítear freastal ar fhéilte agus ar imeachtaí a mbíonn spéis acu sa chleamaireacht go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Tá óstach déanta ag Scoil Shéamuis Ennis ar na Grúpaí Cleamaireachta Éireannacha seo a leanas ag an fhéile a bhíonn acu go traidisiúnta i mí Dheireadh Fómhair; Cleamairí Chill Náile; Cleamairí Ack-La-Mad; Cleamairí na nArd; Rannairí Ard Mhacha; Cleamairí Bhaile Uí Mhitigh.

Rinneamar óstach freisin ar Chleamairí ó Hereford i Sasana; Pernik sa Bhulgáir, chomh maith leis na Mamuthones ó Mamoiada na Sairdíne. Bhí ár gcomhaltaí rannpháirteach i dtionscnaimh trasteorann le Fondúireacht Chleamaireachta i bhFear Manach agus thaistil siad agus thug siad léiriúcháin ag féilte Cleamaireachta sa Phortaingéil, sa Bhulgáir agus sa Mhacadóin.

Thugamar léiriúchán ag seoladh ‘Room to Rhyme’, seimineár a bhí á óstach ag Roinn an Bhéaloidis in UCD. Rinneamar óstach agus thugamar léiriúcháin in éineacht leis na Sardinian Mamuthones i bParáid na Féile Pádraig sa bhliain 2007. D’athbhunaigh an Scoil traidisiún an hata tuí/déanamh maisc agus rinne óstach ar bhreis is 15 ceardlann idir na blianta 1994 agus 2015 chun feabhas a chur ar chosaint an ghné seo den nós.

Go stairiúil, bhain an Chleamaireacht leis na fir amháin; tá an grúpa reatha atá againne agus atá ar an bhfód le 35 bliain ionchuimsitheach ó thaobh inscne de ón tús. Tá an nós a scaipeadh ar an nglúin nua ar an bpríomhúdar imní atá againn agus chuige sin déanaimid iarracht rannpháirtithe nua agus rannpháirtithe atá níos óige a thabhairt isteach inár léiriúcháin gach aon bhliain.

Rinneamar óstach freisin ar chláir leathana do scoileanna ar feadh líon blianta sna scoileanna áitiúla lena raibh baint ag Rannairí Fhear Manach.

Eagraíocht Teagmhála

Scoil Séamus Ennis

 

Láthair Fhine Gall, Baile Atha Cliath
Catagóirí Na Taibhealaíona
Muirí, báid, loingseoireacht
Traidisiúin bhéil agus nathanna cainte, lena n-áirítear teanga
Ceardaíocht thraidisiúnta
Eochairfhocail Feidhmíocht
Eagraíocht Teagmhála Scoil Séamus Ennis
Fardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.