Bidí Chiarraí Láir

Láthair Réigiún Chiarraí Láir
Catagóirí Ceardaíocht thraidisiúnta
Na Taibhealaíona
Muirí, báid, loingseoireacht
Eochairfhocail Ceardaíocht, reiligiún, taibhiú
Eagraíocht Teagmhála Lá Fhéile na Brídeoige

Tugtar onóir gach aon bhliain don Bhrídeog i réigiún Chiarraí Láir, tráth a dtugann grúpaí na Brídeoige cuairt ar thithe cónaithe agus ar thithe ósta faoin tuath. Bíonn samhail/bábóg den Bhrídeog á hiompar ag na Brídeoga, lena chinntiú go gcoinnítear na deamhain i bhfad amach ó na daoine agus ó na hainmhithe araon don bhliain atá rompu. Is traidisiún ársa atá sa Bhrídeog le meascán den Chríostaíocht (Naomh Bríd) agus traidisiún ársa de chuid na gCeilteach (Imbolc).

Go traidisiúnta, chiallaigh cuairt na Brídeoige ádh, torthúlacht, rathúnas agus ba mhasla uafásach a bhí i gceist mura dtabharfadh an Bhrídeog cuairt ar an teach.

Faisnéis Chúlra

Is traidisiún ársa atá i gceist leis an mBrídeog agus tá a bunús caillte ó thaobh na staire de; Creidtear gur cuireadh tús leis an gcleachtas an chéad lá riamh chun ceiliúradh a dhéanamh ar Imbolc. Tá Imbolc (1ú Feabhra) ar cheann de cheithre fhéile shéasúracha Ghaelacha — chomh maith le Beltaine, Lughnasadh agus Samhain. Le hImbolc rinneadh ceiliúradh ar an mbandia Bríd. Nuair a bhain an luath-Chríostaíocht Éire amach, aistríodh Imbolc go Lá Bríde.

Is traidisiún ársa an Bhrídeog a bhaineann le Ciarraí Láir, Éire. Cuimsíonn grúpa na Brídeoige, fir le maisc agus mná gléasta bán agus hataí tuí le dearadh ilchasta á gcaitheamh acu. Tugann grúpaí na Brídeoige cuairt ar thithe cónaithe agus a thithe ósta faoin tuath. Bíonn Brídeog á hiompar acu (samhail/bábóg de Bhríd an bandia nuair a bhí sí ina leanbh) lena chinntiú go gcoinnítear na deamhain i bhfad amach ó na daoine agus ó na hainmhithe araon don bhliain atá rompu. Seinneann siad ceol i ngach teach agus tugann taispeántas rince agus amhráin.

Tá déanamh hataí tuí ar cheann de na ceirdeanna ársa atá uathúil do thraidisiún na Brídeoige, chomh maith le cros Bhríde agus Brídeoga a dhéanamh chomh maith le rince scuaibe.

Sa bhliain 2016 ní raibh ach dhá ghrúpa gníomhach Brídeoige i gCiarraí Láir (in Éirinn) agus tá laghdú mór le brath agus go leor de na grúpaí traidisiúnta ag crochadh suas a gcuid hataí tuí le fiche bliain anuas. A bhuíochas don obair atá idir lámha ag grúpa beag oibrithe deonacha, tá féile aon lae cruthaithe le taispeántais agus paráid bunaithe ar an traidisiún a choinneáil agus chun na scileanna a bhain leis an traidisiún a mhúineadh.

Sa bhliain 2018 bhí aon ghrúpa dhéag traidisiúnta ann agus dá ghrúpa eile á n-athbhunú.

 

Cleachtadh agus cleachtóirí

Cuimsíonn grúpa na Brídeoige, fir le maisc agus mná gléasta bán agus hataí tuí le dearadh ilchasta á gcaitheamh acu. Tugann grúpaí na Brídeoige cuairt ar thithe cónaithe agus a thithe ósta faoin tuath. Bíonn Brídeog á hiompar acu (samhail/bábóg de Bhríd an bandia nuair a bhí sí ina leanbh) lena chinntiú go gcoinnítear na deamhain i bhfad amach ó na daoine agus ó na hainmhithe araon don bhliain atá rompu. Seinneann siad ceol i ngach teach agus tugann taispeántas rince agus amhráin.

Bíonn an Bhrídeog gníomhach le linn Imbolc (an 1ú Feabhra).

Bhíodh grúpaí/compántais Brídeoige dá gcuid féin i mbailte fearainn i gCiarraí Láir. Cuimsíonn an grúpa idir 10 go 50 duine ag brath ar éileamh.

Bailte fearainn ina bhfuil grúpaí – Cill Ghobnait, Gleann Beithe, Ceannoveree, Gleann Chárthaigh, Callinafercy, Acose Lake, Dún Lóich, Cill Orglan, Baile an Mhuilinn, an Cromán, Loch Cárthaí.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Is traidisiún a thagann anuas ó ghlúin go glúin atá i gceist anseo. Cuimsíonn roinnt de ghrúpaí na Brídeoige trí ghlúin den teaghlach céanna a chuireann na hataí orthu i gcónaí agus a thugann cuairt ar na comharsana chun ceol a sheinm agus taispeántas rince a thabhairt dóibh.

Bunaíodh Lá Fhéile na Brídeoige agus bhí an fhéile ar siúl sa bhliain 2017 agus 2018.

Reáchtáladh léachtaí ar stair agus ar thraidisiún na Brídeoige le linn na féile.

Tionóladh ranganna ceardaíochta traidisiúnta chun;

  • Déanamh Hataí
  • Déanamh Croise
  • Déanamh Brídeoige

Reáchtáiltear comórtas rí na Brídeoige don phobal saor in aisce agus taispeánann gach grúpa a gcuid scileanna.

Múintear scileanna na Brídeoige i scoil náisiúnta Chill Ghobnait.

Reáchtáil Comhaltas Chill Orglan ranganna chun ullmhúchán a dhéanamh do Lá na Brídeoige.

Bíonn ceardlanna hataí tuí againn ar feadh na bliana.

Rinneadh teagmháil le staraithe agus le scríbhneoirí áitiúla agus tá saothar tugtha chun críche acu maidir le traidisiún na Brídeoige.

Reáchtáil féile ealaín K-fest imeacht speisialta Brídeoige chun treisiú a dhéanamh ar an traidisiún.

Sa bhliain 2017 bhí Brídeoga Chiarraí Láir le feiceáil ar láithreáin nuachta in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, san India, san Astráil, sa Ríocht Aontaithe agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Eagraíocht Teagmhála

Lá Fhéile na Brídeoige

Eagraíocht Teagmhála

Comhlachas Chill Orglan

Comhairle Pobail Chill Orglan

Féile Ealaíne K-Fest

Fardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.