| Láthair | Ar fud oileán na hÉireann i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon |
|---|---|
| Catagóirí | Eolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an domhan |
| Eochairfhocail | An bheachaireacht, beachlanna, an dúlra, inbhuanaitheacht |
| Eagraíocht Teagmhála | Eagraíocht teagmhála Cónaidhm Chumainn Bheachairí na hÉireann |
Achoimre Ghearr
Is éard atá i gceist leis an mbeachair
eacht ná coilíneachtaí beacha a bheith á gcoinneáil ag daoine i gcoirceoga de dhéantús an duine. Coinníonn an beachaire beacha ar mhaithe leis an mil agus na táirgí eile a tháirgtear sa choirceog a bhailiú, barra a phailniú, nó beacha a thabhairt ar an saol lena ndíol le beachairí eile. Tugtar beachlann ar an suíomh ina mbíonn na beacha á gcoinneáil.
Is í an Apis mellifera mellifera (an bheach mheala dhubh) an bheach mheala dhúchasach atá againn in Éirinn agus bíonn beachairí na hÉireann ag comhoibriú le tíortha eile i dtuaisceart na hEorpa chun an speiceas seo a chaomhnú agus a fheabhsú.
Faisnéis chúlra
Tá an bheachaireacht á cleachtadh in Éirinn le 2,000 bliain ar a laghad. Tá borradh tagtha fúithi sa lá atá inniu ann, rud atá soiléir ón lear mór eagraíochtaí atá ag cur na beachaireachta chun cinn agus atá ag cabhrú léi. In ainneoin go bhfuil níos mó brú ar bheacha agus ar bheachairí de bharr galair nua agus mar gheall ar ghnáthóga a bheith á gcailliúint, tá níos mó ná 3,500 ball ag na cumainn beachaireachta anois.
Is tar éis na hOighearaoise deireanaí, a tháinig na beacha go hÉirinn, tríd an mBreatain is dócha. Feictear an chéad tagairt do bheacha a bheith laistigh d’Éirinn i mBreithiúnas na mBeach, atá mar chuid de Dhlíthe na mBreithiúna. Phléigh an Breithiúnas, i measc ábhair eile, le húinéireacht agus luach na saithí, an cúiteamh a chaithfeadh an beachaire a íoc le duine dá gcuirfeadh ceann dá chuid beacha cealg ann, agus an cúiteamh a chaithfí a íoc leis an mbeachaire dá n-íosfadh cearca le duine eile a chuid beach.
Tosaíodh ar chódú a dhéanamh ar Dhlíthe na mBreithiúna thart ar 438-441 AD. Roimhe sin bhí siad tugtha ó bhéal, ó ghlúin go glúin. Níl aon fhocail iasachta ón Laidin iontu a bhaineann le beacha ná leis an mbeachaireacht, rud a thugann le fios go raibh stór focal na beachaireachta leagtha síos roimh theacht na Críostaíochta, thart ar 430 AD. De réir an tseanchais, áfach, thug Naomh Modomnoc beacha go hÉirinn den chéad uair ón mBreatain Bheag go luath sna 540idí AD.

Ba é Instructions for Managing Bees ón mbliain 1733, an chéad leabhar ar an mbeachaireacht a bhí againn in Éirinn. Mharaítí na beacha go hiondúil ag deireadh gach séasúir chun an mhil agus an chéir a bhaint ach, faoi lár na 1700idí, bhí modhanna á gceapadh le go bhféadfaí é seo a dhéanamh gan na beacha a mharú. Sna 1870idí d’allmhairigh an Bráthair Joseph, manach de chuid na gCairmilíteach as Baile Locha Riach, Barra agus Fráma Coirceoige ón Uasal Abbott i Londain agus ansin thosaigh sé ag cur leaganacha dá chuid féin ar fáil. Creidtear gurbh ag an Urramach George Proctor a bhí an chéad Choirceog Langstroth in Éirinn sa bhliain 1881. Cumadh an choirceog seo sa bhliain 1852. Frámaí inaistrithe a bhí ar na coirceoga seo agus tá coirceoga an lae inniu bunaithe orthu.
Sa bhliain 1912 tháinig Galar Inis Locht go hÉirinn agus mharaigh sé go leor de na coilíneachtaí. Chun na caillteanas seo a chúiteamh, athstocáladh go leor coilíneachtaí le hallmhairí A. m. mellifera a tháinig ón Ísiltír den chuid is mó, ach ón bhFrainc freisin. Cé go bhfuil géinte Ollannacha ag go leor den A. m. mellifera atá againn sa tír seo anois, léirigh taighde a rinneadh le déanaí go bhfuil an ghéineolaíocht a bhí ag bunleagan na hÉireann den bheach dhubh fós forleathan in Éirinn.
Tá roinnt comhlachtaí ag déanamh ionadaíochta ar bheachairí na hÉireann, ach is í Cónaidhm Chumainn Beachairí na hÉireann (FIBKA) an ceann is mó acu.
Cleachtadh agus cleachtóirí
Tá thart ar 3,500 – 4,000 beachaire in Éirinn. ‘Caitheamh aimsire’ atá ann don chuid is mó acu seo, rud a chiallaíonn nach í an bheachaireacht a ngairm ná a bpríomhfhoinse ioncaim.
Bíonn beacha ag daoine de gach aois agus ó gach cúlra. Coinníonn daoine na beacha san áit a bhfuil siad ina gcónaí nó bíonn siad i mbeachlann in áit éigin ‘taobh amuigh’ trí shocrú le húinéir na talún. Uaireanta eile is amhlaidh go n-iarrann feirmeoirí ar na beachairí a mbarra ráibe sna páirceanna nó na torthaí atá san úllord acu a phailniú dóibh. I gceantair ardtailte, tugtar na coirceoga go dtí an fraoch ag deireadh an tsamhraidh. Tá an mhil ón bhfraoch mór beagnach uathúil d’Éirinn agus d’Albain.
Sa bhliain 2018, fuarthas amach i staidéar a rinne eolaithe de chuid na hÉireann ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, go raibh an oiread céanna de na frithocsaídeoirí cumhachtacha ar a dtugtar ‘comhdhúile feanólacha’ sa mhil a tháinig ó fhraoch na hÉireann agus a bhí sa mhil Manuka.
Dúirt an tOllamh Jane Stout TCD: “Léiríonn ár dtaighde gur táirge ar ardchaighdeán í mil na hÉireann agus gur chóir dúinn luach a chur uirthi. Tá níos mó spéise á chur sa bheachaireacht agus i dtairgeadh meala in Éirinn anois, agus tá an-áthas orainn a bheith in ann tacú leis.”
Sa lá atá inniu ann is í an fhíneog Varroa destructor is contúirtí do choilíneachtaí beach na hÉireann. Mura mbíonn cóireáil déanta faigheann na coilíneachtaí bás taobh istigh de 3 nó 4 bliana. Tháinig an fhíneog varró go hÉirinn sa bhliain 1998 agus taobh istigh de roinnt blianta bhí siad scaipthe ar fud an chuid is mó den oileán. Mar gheall ar Varró is beag coilíneacht fhiáin atá againn anois. Cuireann na Cumainn oiliúint ar na beachairí ionas go mbeidh siad in ann i ngleic le Varró trí Chóras Bainistíochta Lotnaidí agus tá an bheachaireacht in Éirinn dírithe go mór air seo sa lá atá inniu ann.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Tá go leor pobail áitiúla de bheachairí tar éis teacht le chéile ar fud na hÉireann chun cumainn a bhunú. Tá sé mar aidhm ag na cumainn sin tacaíocht fhrithpháirteach a chur ar fáil agus oideachas a chur ar fáil ar bheachairí a bhfuil taithí acu agus ar bheachairí nua, chomh maith le hoideachas a chur ar an bpobal. Reáchtálann an chuid is mó de na cumainn cúrsaí do thosaitheoirí, agus ina dhiaidh sin bíonn cláir mheantóireachta ann chun cabhrú leo siúd atá ag tosú amach agus le hoideachas a chur orthu. Eagraíonn siad imeachtaí pobail freisin chun go mbeidh níos mó eolais ag an bpobal faoi bheacha meala agus an tábhacht a bhaineann leo, ó thaobh na héiceolaíochta agus na heacnamaíoch de araon. Bíonn nasc láidir ag go leor de na cumainn le scoileanna an cheantair.
Déanann Cónaidhm Chumainn Beachairí na hÉireann (FIBKA) ionadaíocht ar bheachairí agus tacaíonn sé leo ag an leibhéal náisiúnta. Tuigeann pobal na beachaireachta go bhfuil próifíl aoise níos sine ag go leor de na baill agus déantar gach iarracht daoine óga a thabhairt isteach sa cheird, lena chinntiú go leanfaidh an cheird ar aghaidh. Bíonn na cumainn i dteagmháil le páistí – tugann siad cuairt ar sheomraí ranga agus cuireann siad ábhar ar fáil do na scoileanna áitiúla, chun tacú le curaclam na scoile agus d’fhonn a chinntiú go mbíonn na himeachtaí poiblí a eagraítear dírithe ar leanaí.
Gach bliain, déanann FIBKA urraíocht ar fhoireann de leanaí as Éirinn agus traenáiltear iad le hionadaíocht a dhéanamh ar a dtír agus páirt a ghlacadh i gCruinniú Idirnáisiúnta na mBeachairí Óga (IMYB). Bíonn an cruinniú seo, ar a ndéanann foirne náisiúnta ó gach cearn den domhan freastal, ar siúl i dtír dhifriúil gach bliain. Deis nach mbeidh acu ach uair amháin ina saol atá anseo do na páistí, lena gcuid buanna, agus iad ar an gcéad ghlúin eile de bheachairí na hÉireann, a thaispeáint. Deis atá ann freisin le tairbhe a bhaint as an eispéireas cultúrtha uathúil a chuireann an ócáid seo ar fáil.
Deis atá ann freisin le tairbhe a bhaint as an eispéireas cultúrtha uathúil a chuireann an ócáid seo ar fáil. Tá níos mó buntáistí ag baint leis an mbeachaireacht in Éirinn ná an bheachlann aisti féin, toisc go gcabhraíonn sí le pobail a thógáil agus a chothabháil.
Ar leibhéal náisiúnta, cruthaíonn sé líonra atá scaipthe ar fud na tíre agus ina bhfuil 3,500-4,000 duine a thugann tacaíocht agus spreagadh dá chéile ar bhonn rialta. Ag an leibhéal áitiúil, tá na Cumainn tábhachtach do go leor daoine, a bheadh scoite amach go sóisialta dá n-uireasa, go háirithe i gceantair thuaithe. Go hiondúil, bíonn na cumainn cineálta, comhbhách agus cuimsitheach ina ndearcadh agus cuireann siad feabhas ar an saol dá gcuid ball.
Cuireann an bheachaireacht turas foghlama fad saoil ar fáil. Is iad na daoine scothaosta inár bpobal is mó a thuilleann meas, toisc gur acu is mó atá eolas agus taithí. Is iad seo na daoine a thugann an béaloideas a bhaineann leis an mbeachaireacht in Éirinn don chéad ghlúin eile, chun go mairfidh an ghné seo dár n-oidhreacht chultúrtha náisiúnta.
Eagraíochtaí Teagmhála
Eagraíocht teagmhála Cónaidhm Chumainn Bheachairí na hÉireann