
- Aitheantas EOECNA faighte ag Tógáil Clocha Singile na hÉireann
- Tá cúig chleachtas cultúrtha de chuid na hÉireann anois inscríofa ar Liosta Ionadaíoch EOECNA
Tá cleachtas Tógála Clocha Singile na hÉireann i ndiaidh a bheith inscríofa go hoifigiúil ag EOECNA ar Liosta Ionadaíoch Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna de chuid EOECNA. Fógraíodh an t-inscríobh go hoifigiúil inniu i rith an 19ú seisiún de Choiste Idir-Rialtais EOECNA um Chaomhnú na hOidhreachta Cultúir Doláimhsithe, atá ag tarlú faoi láthair in Asunción i bParagua.
Bhí an t-aitheantas seo ina chuid d’iarratas idirnáisiúnta, faoi cheannas na hÉireann, inar aithníodh na traidisiúin chultúir chéanna in Andóra, san Ostair, sa Bheilg agus i Lucsamburg faoin inscríobh Tógáil, Eolas & Teicnící Clocha Singile.
Is í Tógáil Clocha Singile an cúigiú inscríobh de chuid na hÉireann ar Liosta Ionadaíoch EOECNA. Rinneadh céad ainmniúchán na hÉireann, Píobaireacht Uilleann, a inscríobh go hoifigiúil in 2017, agus ina dhiaidh sin bhí Iománaíocht in 2018, Cláirseoireacht na hÉireann in 2019 agus Seabhcóireacht na hÉireann in 2021.
Dúirt Ken Curran ón Dry Stone Wall Association of Ireland:
“Is nuacht iontach í do na pobail uilig atá i mbun chaomhnú an chleachtais anseo go bhfuil sé anois inscríofa ar Liosta Ionadaíoch Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna de chuid EOECNA. Tá na pobail in Éirinn chun a bheith mar pháirt de phobal idirnáisiúnta na hOidhreachta Cultúir Doláimhsithe atá ag dul i méid i gcónaí. Mar gheall air seo tá ceangail á gcruthú, tá eolas á roinnt, tá caomhnú an chleachtais á neartú, agus tá níos mó ceiliúrtha á dhéanamh ar chultúr iontach na tógála clocha singile de réir a chéile.”